I ndiaidh rath an chéad Fhóraim in 2024, d’eagraigh an Lárionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta an dara Fóram um Bhithshlándáil agus Speicis Ionracha Oileáin Chomhroinnte a tionóladh i mBéal Feirste ar an 4 Samhain 2025. Thug imeacht na bliana seo ionadaithe ó earnálacha éagsúla le chéile arís; tionscal, comhlachtaí poiblí, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, chun comhoibriú a neartú maidir le speicis ionracha agus bithshlándáil ar fud oileán na hÉireann.
Bhí meascán saibhir de chur i láthair saineolaithe, ceardlanna idirghníomhacha, agus seisiúin aiseolais oscailte mar chuid den chlár aon lae. Thug an tAire Andrew Muir MLA, Aire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann, aitheasc oscailte agus thug an tAire Christopher O'Sullivan TD; Aire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ráitis deiridh.
Chuir an Fóram spás luachmhar ar fáil chun smaointe a mhalartú, eolas a roinnt agus idirphlé tras-earnála a chothú. Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara fós ríthábhachtach chun beartais agus gníomhartha éifeachtacha, cuimsitheacha agus réamhbhreathnaitheach a mhúnlú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí speiceas ionrach.
Tá speicis ionracha fós ar cheann de na cúiseanna is suntasaí le cailliúint bithéagsúlachta ar fud an domhain. Trí fhorbairt a dhéanamh ar mhóiminteam Fhóram 2024, bhí sé mar aidhm ag an dara cruinniú seo ár dtuiscint chomhroinnte ar dhúshláin agus deiseanna bithshlándála a dhoimhniú, ag cuidiú le héiceachórais uathúla na hÉireann a chosaint agus na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann le speicis ionracha a laghdú.
Buíochas mór le gach duine a bhí linn ar an lá agus a thug tacaíocht don Fhóram. Tá achoimre ar an bhFóram mar aon le naisc chuig cur i láthair agus nótaí ceardlainne ar fáil anseo: