Ionróir aitheanta! Aithníodh gurb é an Bolgfhíseach Buí (Trachemys scripta scripta) an turtar a chonacthas ar an 17 Iúil (2009) ar bhruacha Abhainn na Dothra i mBaile Átha Cliath. Ní fios fós cad iad na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag sciorrthóirí ar ghnáthóga agus ar éiceachórais dhúchasacha, ach is amhlaidh sin toisc gur i locháin agus i bpáirceanna uirbeacha a scaoiltear saor iad de ghnáth, áiteanna a bhfuil luach éiceolaíoch measartha íseal ag gabháil leo. Mar sin féin, tá imní ann má bhunaítear na speicis seo i limistéar a bhfuil luach éiceolaíoch ag baint leis, amhail Abhainn na Dothra, go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar speicis inveirteabraigh dhúchasacha, ar amfaibiaigh agus ar éin neadaithe.
Chonacthas an speiceas seo ó shin i gContaetha Shligigh, an Chláir agus Bhaile Átha Cliath.
- Féach ar an Léarscáil Idirghníomhach
- Féach ar bhileog eolais NOBANIS
Déan tuairisciú le do thoil ar aon radharc ar na speicis seo nó ar na speicis atá ar an Liosta speiceas tosaíochta