Freasachán speiceas ionrach do: Harmonia axyridis agus a cineálacha.
Gnáthainm(neacha): Bóín Dé Arlaicíneach, Bóín Dé Áiseach Il-daite, Fabht Oíche Shamhna.
Cá háit agus cathain a taifeadadh: Taifeadadh dhá bhreathnú ar an mBóín Dé Arlaicíneach in Éirinn i rith mhí na Samhna. Thuairiscigh ball den phobal an chéad bhreathnú ó theach in Áth na Fuinseoige, Co. Chill Mhantáin ar an 04 Samhain 2010. Thuairiscigh ball den phobal an dara breathnú freisin nuair a gabhadh eiseamal aonair agus é ag dul isteach i dteach i gCathair Chorcaí ar an 11 Samhain 2010.
Ar taifeadadh an speiceas in Éirinn/Tuaisceart Éireann roimhe seo? Taifeadadh, bhí dhá thaifead dheimhnithe ó Thuaisceart Éireann in 2007 agus 2009. Bhí an chéad cheann de na breathnuithe seo i bpacáiste croíthe soilire agus bhí an dara ceann ó theach i gCo. an Dúin. Sainaithníodh dhá dhaonra fiáine atá ag pórú in Éirinn go dtí seo.
An bhfuil an taifead/na taifid fíoraithe? Tá, d'fhíoraigh Roy Anderson gach breathnú.
Cur síos ar an speiceas: Tá Bóíní Dé Arlaicíneacha:
• an-athraitheach ó thaobh datha de (buí go flannbhuí go dubh)
• athraitheach ó thaobh líon na spotaí de (0-20)
I measc cuid de na príomhthréithe a dhéanann idirdhealú idir é agus an 15 speiceas dúchasach atá ag Éirinn tá a:
• mhéid níos mó de 6-8mm ar fad
• chruth níos cruinneogach ná mar atá ag na speicis dhúchasacha
• chosa a bhíonn scothdhearg go donn de ghnáth
• ‘M’ nó ‘W’ sainiúil ar an bprótónam (cúl an chinn) uaireanta
Bhí an dá eiseamal a aimsíodh in Éirinn den chineál céanna Harmonia axyridis var. spectabilis atá dubh le ceithre spota dearga (féach íomhánna). Breathnaíonn an cineál seo cosúil le foirm dhubh le spotaí dearga na Bóíne Dé Dhá Spota dhúchasach (Adalia 2-punctata), ach tá sé i bhfad níos mó.

Stádas ionrach: Liostaíodh an Bhóín Dé Arlaicíneach mar ionróir féideartha is mó nár theastaigh i measúnú riosca Invasive Species Ireland 2007.
Stádas tabhairt isteach: Bunaithe. Tuairiscíodh dhá dhaonra pórúcháin ó Chathair Chorcaí (2010 agus 2011) agus i gCo. Cheatharlach (2011).
Minicíocht Dáileacháin: Uathúil
Tionchar: D’fhéadfadh sé meath nó díobhadh a dhéanamh ar speicis bhóíní Dé dúchasacha na hÉireann. D’fhéadfadh laghdú ar bhithéagsúlacht a bheith mar thoradh air mar is eol go mbíonn an Bhóín Dé Arlaicíneach in iomaíocht dhíreach le hinveirteabraigh eile le haghaidh acmhainní agus trí chreach a dhéanamh ar inveirteabraigh bheaga lena n-áirítear bóíní Dé, uibheacha agus larbhaí féileacán agus leamhan agus ar aifidí agus feithidí gainneacha eile. Is lotnaid indíreach iad ar bharra úlloird a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar cháilíocht na dtorthaí agus is féidir leo cur isteach ar bhlas fíona toisc go bhfuil sé deacair iad a bhaint de chraobhaí fíonchaor roimh an bhfómhar. San fhómhar/sa gheimhreadh bíonn claonadh acu scuaine a dhéanamh agus bailiú le chéile ina n-ealtaí móra i bhfoirgnimh agus meastar gur crá croí iad.
An bhfuil eiseamal tagartha ann?: Caomhnaíodh dhá eiseamal. Cuireadh ceann amháin faoi bhráid Ard-Mhúsaem na hÉireann, Baile Átha Cliath. Tá an dara heiseamal i seilbh an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta, Port Láirge.
Gníomhartha a rinneadh go dtí seo: Baineadh na heiseamail as na tithe agus caomhnaíodh iad mar thagairt.
Conair an tabhairt isteach: níl sé soiléir conas a tháinig na Bóíní Dé Arlaicíneacha isteach i bPoblacht na hÉireann. D’fhéadfadh sé gur tháinig siad ar bord mar 'thaistealaithe gan chuireadh' ar tháirgí allmhairithe ó limistéir eile a bhí buailte nó ceannaithe mar oibreán rialaithe bitheolaíoch do speicis inveirteabracha eile. Is féidir leo eitilt thar achair fhada freisin.
Cá bhféadfainn é a fheiceáil? Ag dul isteach i dtithe sa gheimhreadh áit ar féidir leo bailiú ar leaca fuinneoige agus ar bhallaí, ar ghlasraí, ar thorthaí nó ar phlandaí allmhairithe agus i ngairdíní, i gcoillte, ar thalamh talmhaíochta nó gairneoireachta.
Cad is féidir leat a dhéanamh?:
- Cuimhnigh go bhfuil sé in aghaidh an dlí bóín Dé arlaicíneach a scaoileadh saor in Éirinn
- Ná hallmhairigh, ná díol agus ná ceannaigh bóín Dé arlaicíneach
- Scrúdaigh bláthanna, torthaí agus glasraí allmhairithe don bhóín Dé
- Tuairiscigh breathnuithe ar Bhóíní Dé Arlaicíneacha a bhfuil amhras fúthu
Má cheapann tú go bhfaca tú an Bhóín Dé seo, déan a sainaithint a sheiceáil ar dtús ón mbileog aitheantais thíos le do thoil. Más féidir, tóg grianghraf di agus dá bun má tá tú in ann, agus bheadh sé tairbheach freisin é a chur in aice le rialóir nó bonn le haghaidh scála. Cuir taifead isteach di chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta nó chuig suirbhé Bóíní Dé na hÉireann le deimhniú.
- Féach ar an bhFreasachán Speicis – scaip le do thoil
- Féach ar an bPreasráiteas – Nollaig 2010
- Féach ar an mBileog Aitheantais
- Déan rochtain ar shuirbhé Bóíní Dé na hÉireann
- Féach ar an mbileog cur síos do speicis dhúchasacha
Eisíodh an Freasachán Speicis seo i gcomhar le Invasive Species Ireland

