Bill Callanan
Ainmní na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
Is é Bill Callanan an Príomh-Chigire sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM). Tá sé freagrach as comhairle a chur ar fáil maidir le cleachtas na Talmhaíochta agus maidir le hEolaíocht agus teicneolaíocht a bhaineann leis an earnáil agraibhia laistigh de DAFM.
Is é ceann gairme na Cigireachta Talmhaíochta é, ina bhfuil os cionn 250 céimí ar fud na Roinne a chuimsíonn raon leathan inniúlachtaí céimithe, agus suíonn sé ar Bhord Bainistíochta na Roinne.