Is bealach spraíúil agus neamhfhoirmiúil é BioBlitz do bhaill den phobal foghlaim conas bithéagsúlacht a thaifeadadh, in éineacht le saineolaithe.
Cad is BioBlitz ann?
Is imeacht 24 nó 48 uair an chloig é BioBlitz chun an oiread speiceas agus is féidir a aimsiú agus a thaifeadadh i limistéar ar leith. De ghnáth bíonn idir thaifeadóirí saineolacha agus baill den phobal páirteach i mBioBlitz, ag glacadh páirte in Eolaíocht Shaoránach na Bithéagsúlachta. Tá sé i gceist gur bealach spraíúil agus neamhfhoirmiúil a bheidh ann do bhaill den phobal foghlaim conas bithéagsúlacht a thaifeadadh, i dteannta saineolaithe.
Conas a Reáchtálaim BioBlitz?
Roghnaigh Do Shuíomh
Déan cinneadh cá mbeidh do BioBlitz agus cathain… cén séasúr is fearr don cheantar agus do na speicis atá á suirbhéireacht agat?
Cruinnigh do phobal BioBlitz!
Déan teagmháil le saineolaithe fiadhúlra, taifeadóirí agus lucht léinn áitiúla a d'fhéadfadh cabhrú leat le taifeadadh a dhéanamh ar ghrúpaí éagsúla speiceas. Faigh tuairimí ar smaointe agus ar ghníomhaíochtaí BioBlitz.
Maoiniú
Más mian leat BioBlitz a reáchtáil, is dócha go mbeidh buiséad de dhíth ort chun seomra a fháil ar cíos mar bhunáit BioBlitz (nó puball/pailliún má bhíonn sé amuigh faoin aer), chomh maith le bia agus deoch chun fuinneamh a choinneáil i do rannpháirtithe BioBlitz! B'fhéidir go mbeadh gníomhaíochtaí eile uait ar an suíomh freisin ar nós bothanna eolais nó gníomhaíochtaí spraíúla, agus ar ndóigh, árachas! D'fhéadfadh d'Oifigeach Bithéagsúlachta áitiúil comhairle a chur ort maidir le foinsí maoinithe ionchasacha.
Ceadanna
Beidh cead an úinéara talún uait, agus beidh ort dul i gcomhairle le do mhaor fiadhúlra áitiúil freisin maidir le láithreáin chosanta (m.sh. Limistéar Caomhantais Speisialta), gnáthóga, nó speicis a d'fhéadfadh a bheith sa cheantar agus na teorainneacha a d'fhéadfadh a bheith ar ghníomhaíochtaí a bhfuil cead agat tabhairt fúthu. Ba cheart duit measúnú riosca a dhéanamh freisin.
Fógair
Nuair a bheidh do shuíomh, do dháta agus do cheadanna socraithe, is é an chéad chéim eile ná fógraíocht a dhéanamh. Más mian leat líon na ndaoine a bheidh ag freastal a rialú, beidh córas áirithinte de chineál éigin de dhíth ort.
Tuilleadh Eolais
Is féidir treoir maidir le conas BioBlitz a eagrú a fháil trí Chliceáil Anseo.
Do thaifid BioBlitz a chur isteach chuig an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta
Inis dúinn faoi do BioBlitz!
Is é an chéad chéim ná insint dúinn faoi do BioBlitz, cá mbeidh sé ar siúl, agus cé atá páirteach ann. Chomh fada agus a bheidh muid sásta go bhfuil an BioBlitz á reáchtáil i gcomhar le saineolaithe áitiúla, agus leis na ceadanna ábhartha, eiseoimid aitheantóir uathúil do do BioBlitz a chuirfidh ar chumas do thaifeadóirí BioBlitz a gcuid taifead a chur isteach trínár bhfoirm ar líne.
Taifid a Chur Isteach
Cuireann ár bhfoirm ar líne ar chumas taifeadóirí iolracha taifid a chur isteach go neamhspleách faoina n-ainm féin, agus grianghraif de gach taifead a chur isteach chun críocha bailíochtaithe. Níl le déanamh agat ach a chur in iúl do gach rannpháirtí cá háit le sonraí a dtaifead a chur isteach agus cad é an t-aitheantóir uathúil (is féidir é seo a roghnú ó roghchlár anuas san fhoirm ar líne).
Beidh 4 seachtaine ag taifeadóirí tar éis dheireadh an BioBlitz chun gach taifead a chur isteach; tar éis an ama sin ní féidir an fhoirm a úsáid le haghaidh taifeadta breise do do BioBlitz.