Is í Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann, a bhunaigh an tIonad Sonraí in 2008, an scéim mhonatóireachta feithidí eolaíochta saoránaí is faide ar bun in Éirinn. Rianaíonn sí stádas daonra speiceas féileacán forleathan na hÉireann bunaithe ar líonra de bhealaí seasta (trasghearrtha) a bhunaíonn agus a shiúlann taifeadóirí deonacha. Siúltar gach trasghearradh ar bhonn seachtainiúil ón 1 Aibreán go dtí an 31 Meán Fómhair gach bliain, ag giniúint eolas an-mhionsonraithe ar líon na bhféileacán agus ar thréimhsí eitilte (feineolaíocht), agus ar riachtanais ghnáthóige féileacán. Úsáidtear an scéim chun innéacs daonra ilspeiceas a ghiniúint, bunaithe ar chomhaireamh na speiceas is forleithne, mar thomhas ar shláinte dhaonraí féileacán na hÉireann. Tá Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann ar cheann de na scéimeanna monatóireachta ó 22 tír ar fud na hEorpa a chuireann leis an Scéim Eorpach Monatóireachta Féileacán óna ngintear treochtaí uile-Eorpacha i ndaonraí féileacán.
Cén fáth monatóireacht a dhéanamh ar fhéileacáin?
Is táscairí maithe iad féileacáin ar shláinte thimpeallacht na hÉireann agus tugann monatóireacht ar a ndaonraí léargais mhionsonraithe ar an tionchar atá ag úsáid talún agus athrú aeráide ar dhaonraí feithidí. Is féidir le Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann, a dhéanann monatóireacht ar dhaonraí féileacán ar bhonn seachtainiúil idir an 1 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair gach bliain, sonraí a bhrath ar roghanna gnáthóige féileacán, athruithe ar thréimhsí eitilte agus athruithe foriomlána ar dhaonra ó bhliain go bliain.
Is scéim mhonatóireachta í Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann atá bunaithe ar an eolaíocht shaoránach, agus mar sin is uirlis iontach í do dhaoine aonair, do ghrúpaí pobail agus do bhainisteoirí gairmiúla talún chun athrú ina mbithéagsúlacht áitiúil a thomhas.
Stádas daonra féileacán in Éirinn
- Níor léirigh ach speiceas amháin méadú ar mhéid an daonra i gcomparáid le 2008 agus ba é sin an speiceas imirceach, an tSeiceamóir. D'fhan daonraí 3 speiceas cobhsaí agus léirigh 14 speiceas laghdú measartha nó mór ó 2008 go 2025.
- Tharla buaic-chuar eitilte na bhféileacán dhá sheachtain níos luaithe ná in 2024.
- Tá na sonraí a bailíodh sa Scéim Monatóireachta Cúig Chuairt (scéim mhonatóireachta le hiarracht laghdaithe) san áireamh anois san anailís ar Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann iomlán. Trí shonraí an FVMS agus an IBMS a chomhcheangal, is féidir linn treochtaí níos cruinne a ghiniúint agus feabhsófar cáilíocht na dtorthaí.
Ag cur le monatóireacht uile-Eorpach
Tá Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann ar cheann de 22 scéim mhonatóireachta ar fud na hEorpa a chuimsíonn an Scéim Eorpach Monatóireachta Féileacán. Tionscnamh de chuid Butterfly Conservation Europe agus an Centre for Ecology & Hydrology (RA), tugann an chomhpháirtíocht le chéile sonraí ó 10,816 trasghearradh a shiúil 100,000 eolaí saoránach ó 22 thír éagsúla. Ligeann sé seo treochtaí féileacán uile-Eorpacha a bhrath agus soláthraíonn sé na sonraí chun Táscaire Féileacán Féarthailte na hEorpa a ghiniúint.
Léiríonn Táscaire Féileacán Féarthailte na hEorpa gur chaill an Eoraip 30% dá daonraí féileacán féarthailte ó 1990 i leith.
Cad atá i gceist le monatóireacht?
Is éard atá i gceist le glacadh páirte sa scéim seo ná bealach seasta siúil (trasghearradh) idir 1 km agus 2 km ar fhad a bhunú a ndéantar monatóireacht air uair sa tseachtain ó Aibreán go Meán Fómhair. Ba chóir an bealach a bhunú gar don áit a bhfuil cónaí ort nó a n-oibríonn tú ionas go mbeidh sé áisiúil duit na comhairimh a chur i gcrích nuair a bhíonn an aimsir oiriúnach. Ba chóir an trasghearradh a roinnt ina 5-15 rannóg níos lú chun aonaid shamplacha a dhéanamh, agus comhairtear líon na bhféileacán a fheictear laistigh de 2.5 m ar an dá thaobh díot féin agus 5 m os do chomhair amach (‘bosca’ taifeadta 5 m3) do gach rannóg. Ba chóir comhairimh a chur i gcrích idir 11:00 agus 17:00, nuair a bhíonn an teocht 13°C ar a laghad agus le linn coinníollacha aimsire maithe.
Is éard atá i gceist le rannpháirtíocht sa scéim seo ná tiomantas suntasach ama ach gineann sé sonraí d'ardchaighdeán ar fhéileacáin na hÉireann. Más mian leat a bheith rannpháirteach déan teagmháil le butterflies@biodiversityireland.ie le do thoil agus cuirfear tacaíocht ar fáil chun do thrasghearradh a bhunú.
Féach ar an bhfíseán ina míníonn Jesmond Harding ó Butterfly Conservation Ireland go mion cad a bhaineann le trasghearradh monatóireachta féileacán a bhainistiú
Monatóireacht Féileacán in Éirinn
Please note that submissions for the 2026 recording season are now open.
Tá an córas nua Monatóireachta Féileacán beo anois agus is féidir é a úsáid chun trasghearrthacha a bhunú do do shiúlóidí monatóireachta, do chuid sonraí a iontráil agus féachaint ar achoimre bhliantúil de do chuid siúlóidí. Bhunaigh Butterfly Conservation Europe an Scéim Eorpach Monatóireachta Féileacán (eBMS) i mí Aibreáin 2016 chun sonraí ó na Scéimeanna Monatóireachta Féileacán ó thíortha éagsúla a thabhairt le chéile i mbunachar sonraí amháin. Is é an Centre for Ecology and Hydrology sa Ríocht Aontaithe a chomhordaíonn an obair.
Chun clárú ar an gcóras nua Monatóireachta Féileacán, téigh chuig https://butterfly-monitoring.net/user/register. Má d'úsáid tú an córas Monatóireachta Féileacán roimhe seo, cinntigh le do thoil go gcláraíonn tú leis an seoladh ríomhphoist céanna lena chinntiú go nasctar do chuid taifead le do chuntas nua.
Féach ar an bhfíseán thíos maidir le conas clárú don chóras nua Monatóireachta Féileacán
Déan Teagmháil Linn
Ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn má theastaíonn aon chabhair uait: butterflies@biodiversityireland.ie