Tá modúil oiliúna ar líne forbartha ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta chun speicis Snáthaidí Móra agus Béichuileanna na hÉireann a aithint, dóibh siúd ar mian leo páirt a ghlacadh i suirbhé Dragonfly Ireland 2019 – 2024.
Modúil oiliúna
Tugann na modúil mionsonraí faoi na gnéithe aitheantais le faire amach dóibh agus réamhrá ginearálta ar na Snáthaidí Móra agus na Béichuileanna.
Beimid ag cur ábhar breise leis go luath faoin gcaoi le suirbhéanna suímh a dhéanamh do shuirbhéanna Dragonfly Recorder agus Dragonfly Monitor.
Is féidir an cúrsa seo a úsáid mar chomhlánú ar ár 'swatches' ar treoirleabhair aitheantais bheaga boise iad atá úsáideach a bheith ar láimh agat agus tú i mbun suirbhéireachta. Is féidir na swatches a cheannach trínár siopa ar líne.