Is suirbhéanna suímh a bhaineann le hiarracht iad suirbhéanna Monatóireachta Snáthaidí Móire dóibh siúd a bhfuil eolas acu ar theicnící suirbhé agus aitheantais snáthaidí móra agus béichuileanna agus/nó atá oilte iontu. Ba chóir do Mhonatóirí Snáthaidí Móire ceithre shuirbhé a dhéanamh ar shuíomh fionnuisce amháin ar a laghad in aghaidh na bliana. Ba chóir dhá shuirbhé a chríochnú i mBealtaine nó i Meitheamh, agus ba chóir dhá shuirbhé a chríochnú idir Iúil agus tús Mheán Fómhair. Déantar é seo ionas go gcuimseoidh na suirbhéanna tréimhsí eitilte na speiceas go léir a tharlaíonn in Éirinn.
Féadfaidh tú suirbhé a dhéanamh ar an oiread suíomhanna agus is mian leat ach iarraimid go gcríochnófaí ceithre shuirbhé ag gach suíomh laistigh de na tréimhsí tugtha. Le linn gach suirbhé iarrtar ort measúnú gearr agus simplí ar cháilíocht na gnáthóige a líonadh isteach freisin.
Dóibh siúd nach féidir leo gealltanas a thabhairt ach cuairt a thabhairt ar an suíomh céanna dhá uair sa bhliain, d'fhéadfadh an suirbhé Taifeadóir Snáthaidí Móire a bheith níos oiriúnaí.