In Éirinn, mar thoradh ar an athrú aeráide, meastar go dtiocfaidh ardú ar theocht agus méadú ar bháisteach. Athróidh sé seo an t-am a dtagann feithidí chun cinn, a dtagann bláth ar phlandaí agus a dtagann ár n-imirceoirí coitianta, i.e. feineolaíocht. Tá an-eolas ag feirmeoirí ar a gcuid talún agus tá siad i suíomh iontach chun taifid chruinne a sheoladh ar an gcéad uair a tharlaíonn na teagmhais seo. Thar na blianta, beimid in ann meastachán a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide ar na teagmhais seo.
ancaire