Tá Comhairimh FIT an-simplí – breathnaíonn tú ar phaiste bláthanna ar feadh 10 nóiméad agus comhairíonn tú cé mhéad feithid a thugann cuairt air. Is uirlis an-úsáideach í do dhaoine aonair, do ghrúpaí pobail agus do dhaoine eile chun athrú ar a mbithéagsúlacht áitiúil a thomhas. Má ghlac tú beart mar chuid den Plean Pailneoirí Uile-Éireann, cabhróidh déanamh Chomhairimh FIT i rith na bliana agus thar na blianta amach romhainn le rianú a dhéanamh ar thionchar do chuid gníomhartha ar líon agus ar éagsúlacht na bhfeithidí.
Is é an bealach is fusa le Comhaireamh FIT a dhéanamh ná úsáid a bhaint as an aip FIT Count (sonraí thíos).