Tá an ghráinneog ar cheann de na speicis mhamaigh is mó a bhfuil aithne uirthi in Éirinn, ach tá ganntanas eolais ann maidir lena stádas in Éirinn. Soláthróidh an staidéar seo sonraí bunlíne ar dháileadh agus ar stádas na ngráinneog in Éirinn chun an bearna inár gcuid eolais a líonadh. Is tionscadal comhoibríoch é an suirbhé idir taighdeoirí in OÉ Gaillimh agus an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta.
Cén fáth a bhfuil suirbhé ar ghráinneoga de dhíth orainn?
Léirigh staidéir ón mBreatain agus ó áiteanna eile san Eoraip go bhfuil meath mór ag teacht ar líon na ngráinneog mar gheall ar chaillteanas gnáthóige agus ilroinnt ó athruithe ar chleachtais feirmeoireachta agus ó fhorbairt. Ós rud é go bhfuil brúnna den chineál céanna ar an gcomhshaol in Éirinn, d'fhéadfadh go mbeadh an tionchar céanna ar dhaonra na ngráinneog in Éirinn. Soláthróidh an staidéar seo sonraí bunlíne ar dháileadh agus ar stádas na ngráinneog in Éirinn chun an bearna inár gcuid eolais a líonadh.
Tuairiscigh cásanna inar chonacthas gráinneoga
Ós rud é go mbíonn gráinneoga gníomhach san oíche de ghnáth, is annamh a fheictear sa fiántas iad mura bhfaightear marbh ar bhóithre iad, nó más cuairteoirí rialta ar ghairdíní san oíche iad. Tá Suirbhé Gráinneoga na hÉireann ag iarraidh tuairiscí a fháil ar aon ghráinneoga, beo nó marbh, chun léargas níos mionsonraithe a fháil ar na háiteanna ina mbíonn siad.
Déan suirbhé ag baint úsáide as tolláin lorg coise nó ceamaraí gaiste
Chomh maith le sonraí ó am go chéile a bhailiú faoi láithreacht gráinneog, tá Suirbhé Gráinneoga na hÉireann ag lorg oibrithe deonacha chun páirt a ghlacadh i suirbhé níos dírithe ag baint úsáide as tolláin lorg coise nó ceamaraí gaiste chun suirbhé a dhéanamh ar ghráinneoga sa ghairdín. Níl gá le hoiliúint shaineolach agus is féidir tollán lorg coise simplí a dhéanamh sa bhaile. Beidh an suirbhé ar siúl idir thús mhí an Mheithimh agus deireadh mhí Mheán Fómhair.
Gráinneoga marbha
Tá Suirbhé Gráinneoga na hÉireann ag iarraidh conablaigh gráinneog a fháil freisin. Má aimsíonn tú gráinneog mharbh, mar shampla, ainmhí a maraíodh ar an mbóthar, bailigh an t-eiseamal le do thoil, cuir i mála plaisteach é (dhá mhála más gá), lipéadaigh le dáta agus láthair é, agus déan teagmháil le hOÉ Gaillimh (elaine.oriordan@nuigalway.ie) chun bailiúchán a eagrú. Más féidir, fuaraigh nó reoigh an t-eiseamal go dtí go mbaileofar é.
Acmhainní
Tá dhá bhileog ullmhaithe ag Suirbhé Gráinneoga na hÉireann le príomhshonraí maidir le conas do thalamh a dhéanamh níos fabhraí do ghráinneoga. Bíonn bia, áit le neadú, áit le dul i bhfolach ó chreachadóirí agus áit le céilí a aimsiú de dhíth ar ghráinneoga. Ní féidir le haon ghnáthóg amháin na riachtanais seo go léir a sholáthar do ghráinneoga agus bíonn éagsúlacht gnáthóg de dhíth.
Tá na bileoga seo ar fáil i mBéarla agus as Gaeilge.
Déan Teagmháil Linn
Comhordaitheoir an tSuirbhé: Elaine O’Riordan, OÉ Gaillimh
Teil: 091 493572
Ríomhphost elaine.oriordan@nuigalway.ie