Is comhoibriú é Tionscadal Atlas Bóíní Dé 2025 idir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta agus an tIonad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta (CEDaR). Tá dhá phríomhchuspóir ag tionscadal an atlais. Ar an gcéad dul síos, an méid breathnóireachta ar bhóíní Dé a mhéadú chun léarscáileanna dáilte níos cuimsithí a tháirgeadh dár speicis bóíní Dé. Agus ar an dara dul síos, feabhas a chur ar an eolas faoi roghanna gnáthóige na speiceas éagsúil bóíní Dé.
Cé go bhfuil an tréimhse thaifeadta d'Atlas Bóíní Dé 2025 críochnaithe, molaimid do gach taifeadóir fós a gcuid taifead a chur isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránach na hÉireann.