Rianaíonn Scéim Monatóireachta an Fhritileáin Réisc stádas an daonra agus cáilíocht gnáthóige an fhritileáin réisc (Euphydryas aurinia), an t-aon speiceas feithidí atá faoi chosaint dhlíthiúil in Éirinn. Tugtar cosaint dó faoi Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga agus déantar tuairisciú ar a stádas caomhnaithe gach sé bliana faoi Airteagal 17 den Treoir sin. Baineann an scéim seo le mionsuirbhé ar riocht na gnáthóige a dhéanamh agus líon na líonta larbhaí a chomhaireamh ag príomhláithreáin i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
Stádas an Fhritileáin Réisc
Faoin Liosta Dearg d'Fhéileacáin na hÉireann a d'fhoilsigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra in 2010, déantar an fritileán réisc a chatagóiriú mar 'I mBaol', rud a chiallaíonn go meastar é a bheith i mbaol a dhíothaithe. Tá dáileadh leathan ach paisteach ag an bhfritileán réisc ar fud na hÉireann, ach tá sé níos coitianta i lár na tíre agus i leath thiar na tíre. Meastar go bhfuil laghdú tagtha ar a dhaonra mar thoradh ar laghdú ar mhéid na gnáthóige oiriúnaí.
Toisc gur speiceas é atá liostaithe in Iarscríbhinn II faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga, déantar gnáthóg an Fhritileáin Réisc a chosaint faoi láthair laistigh de Limistéir Chaomhnaithe Speisialta ina bhfuil sé liostaithe mar Leas Cáilitheach. I dTuaisceart Éireann, tá an féileacán agus a ghnáthóg araon faoi chosaint freisin faoi Sceideal 5 den Ordú Fiadhúlra (1985).
Ar fud na hEorpa, tá an Fritileán Réisc forleathan ach logánta agus srianta go ceantair a bhfuil cáilíocht ghnáthóige oiriúnach acu. Creidtear anois go bhfuil sé díofa san Ísiltír agus tuairiscíodh laghduithe de níos mó ná 30% ón nGearmáin, ón Laitvia, ó Lucsamburg, ó Phoblacht na hÉireann, ón tSlóvaic agus ón Úcráin.
Bí páirteach i Scéim Monatóireachta an Fhritileáin Réisc
Bunaíodh Scéim Uile-Éireann Monatóireachta an Fhritileáin Réisc in 2015 chun monatóireacht a dhéanamh ar dhaonra agus ar cháilíocht gnáthóige 49 príomhláithreán ar eol dó tarlú iontu. Baineann an mionsuirbhé le measúnú ar cháilíocht na gnáthóige a dhéanamh ag féachaint ar raidhse phlanda bia an fhéileacáin, an Cabhán Giúise (Succisa pratensis), agus líon na líonta larbhaí a fhaightear ag na láithreáin seo a chomhaireamh go déanach i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair gach bliain. Foireann suirbhéirí a sheachadann an scéim mhonatóireachta agus reáchtáiltear í i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann agus Butterfly Conservation Northern Ireland.
Bímid i gcónaí ag iarraidh líon na láithreán a ndéantar monatóireacht orthu a mhéadú. Mar sin má tá eolas agat ar limistéar fairsing de Chabhán Giúise agus má tá cead agat rochtain a fháil ar an láithreán, is féidir leat páirt a ghlacadh. Más mian leat páirt a ghlacadh sa scéim mhonatóireachta, seol ríomhphost chuig Lydia Thompson ag butterflies@biodiversityireland.ie, a chuirfidh cúnamh ar fáil chun do láithreán a bhunú.
Sraith Féileacán na hÉireann: Bainistíocht Gnáthóige don Fhritileán Réisc
D'fhorbair an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta treoir bhainistíochta talún don Fhritileán Réisc. Tugann an treoir seo réamhrá ar bhitheolaíocht an speicis, ar an mbealach is fearr le talamh a bhainistiú dó agus ar an gcaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh i Scéim Monatóireachta an Fhritileáin Réisc.