Tá sé mar aidhm ag Suirbhé Náisiúnta Madraí Uisce 2023-24 measúnú a dhéanamh ar athruithe ar dháileadh agus ar stádas daonra an mhadaigh uisce ón suirbhé deireanach in 2010-11.
Cén fáth a bhfuil gá againn le suirbhé ar mhadraí uisce?
Tá an madra uisce agus a ghnáthóg faoi chosaint faoi Threoir Ghnáthóg an AE, a éilíonn ar Éirinn tuairisciú a dhéanamh ar stádas an speicis go tráthrialta. Thug staidéir níos luaithe le fios go raibh laghdú ag teacht ar líon na n-ainmhithe, ach tugann suirbhéanna le déanaí le fios go bhfuil an madra uisce fós forleathan. I measc na mbagairtí agus na mbrúnna d'fhéadfadh bainistíocht conairí abhann a bheith i gceist amhail cur faoi chuibhreann, canálú agus dreideáil, chomh maith le truailliú, doirteadh ola agus trácht bóthair. Dá réir sin, tá sé tábhachtach measúnú rialta a dhéanamh ar stádas caomhnaithe an speicis.
Seol taifid ar mhadraí uisce
Is féidir madraí uisce a fheiceáil feadh aibhneacha nó cladaí creagacha ach bíonn siad do-fheicthe go minic agus is annamh a fheictear ceann. Fágann siad comharthaí allamuigh soiléire, áfach, go hiondúil a gcuid cac (ar a dtugtar spraint) agus lorganna coise. Má fheiceann tú aon cheann díobh seo, déan taifead air le do thoil. Seol grianghraf den ainmhí, den spraint nó de na rianta in éineacht le do thaifead má tá ceann agat.
Radhairc
Is ainmhithe oíche iad madraí uisce den chuid is mó agus is minice a fheictear iad ag breacadh an lae nó ag titim na hoíche. D'fhéadfaí iad a fheiceáil ó dhroichid ag snámh in aibhneacha nó feadh cladaí creagacha. Tá madraí uisce donn, thart ar 80 cm nó 30 orlach ar fhad agus feictear iad ag sleamhnú feadh bharr an uisce sula dtumfaidh siad chun a n-eireaball sainiúil fada biorach, atá beagnach chomh fada leis an gcorp féin, a thaispeáint. Níor cheart iad a mheascadh leis an minc Mheiriceánach neamhdhúchasach atá dubh, 40 cm nó 16 orlach ar fhad, a shnámhann níos airde san uisce agus a bhfuil eireaball gearr aige. Is mamach neamhdhúchasach eile é an coipeach a bhféadfaí madraí uisce a mheascadh leis ach is annamh a fheictear é.
Spraint
Marcálann madraí uisce a gcríoch ag baint úsáide as cac ar a dtugtar spraint. Leagann madraí uisce spraint go soiléir ar bholláin feadh bruacha abhann, cladaí locha nó ar an líne ardtaoide chreagach. Is láthair choitianta é leac choincréite bhonn droichid; mar sin, is fusa i gcónaí tús a chur le suirbhé madraí uisce faoi dhroichead. Bíonn éagsúlacht i méid na spraintí (3-10 cm nó 1-3 orlach ar fhad), i ndath (ó dhubh go bán ach donn de ghnáth), i gcomhsheasmhacht (ó tharra go púdrach) agus i gcruth (díreach nó cuartha). Ní neamhchoitianta é cnámha éisc nó sliogáin gliomaigh fionnuisce a fheiceáil nochtaithe. Níl boladh bréan ar spraint ach tá boladh mín milis cré uirthi nach bhfuil míthaitneamhach. Nítear spraint chun siúil go tréimhsiúil ag tuilte mar gheall ar bháisteach throm agus carnann sí arís i ndrochaimsir thirim; mar sin, is fearr i gcónaí cuardach a sheachaint má bhí báisteach throm ann le linn an choicíse roimhe sin.
Lorganna coise
Bíonn cosa móra scamallacha (9 cm nó 3 orlach ar fhad agus 6 cm nó 2 orlach ar leithead) ag madraí uisce. Tá cúig mhéar chruinne acu a bhféadfadh marcanna iongan a bheith orthu nó gan a bheith orthu ag brath ar cé chomh bog is atá an láib/gaineamh ina ndéantar an locht. D'fhéadfá tarraingt shainiúil an eireabaill a fheiceáil freisin, go háirithe ar an trá.
Fianaise eile
Cónaíonn madraí uisce i bpluaiseanna ar uachaiseanna faoi thalamh iad go minic i measc bollán nó bunanna crann tite. Is gnách go mbíonn siad achar gairid ó imeall an uisce agus cosán caite ag an mbealach isteach. Ar fhána, féadfaidh madraí uisce teacht ar an uisce trí shleamhnú ar a mbolg ag cruthú sleamhnáin, ar a dtugtar sciorrán freisin. Tá sé i bhfad níos deacra na cineálacha fianaise seo a chur i leith madra uisce mura bhfeictear an t-ainmhí.
An Suirbhé Náisiúnta Madraí Uisce
Beidh foireann na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) ar fud na tíre ag déanamh suas le 900 suirbhé láithreáin le haghaidh rianta agus comharthaí madraí uisce mar chuid de shuirbhé foirmiúil atá á chomhordú ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Giorria Environmental Services. Cuirfidh aon taifid a sheolann tú anseo leis an staidéar seo agus úsáidfear iad agus dáileadh madraí uisce á mhapáil. Beidh Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Gaillimh ag tástáil samplaí d'uisce abhann freisin le haghaidh DNA madraí uisce féachaint an bealach indéanta é seo chun suirbhé a dhéanamh ar a láithreacht le níos mó cinnteachta. Ba cheart an tuarascáil dheiridh a fhoilsiú mar Lámhleabhar Fiadhúlra na hÉireann am éigin in 2025.
Déan Teagmháil Linn
Comhordaitheoir an tSuirbhé: Neil Reid, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Ríomhphost: neil.reid@qub.ac.uk