Seicliosta arna fhorbairt ag Garraithe Náisiúnta na Lus agus arna fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
Plandaí soithíocha
In 2010, mar chuid den tionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Staid an Eolais ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch na hÉireann chuir an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta fardal d’fhoinsí sonraí bithéagsúlachta le chéile. Forbraíodh an fardal trí chuireadh a thabhairt do shaineolaithe aitheanta náisiúnta staid an eolais a aithint.
Príomhfhoinsí sonraí dáilte
- Botanical Society of Britain & Ireland: bunachair sonraí heictéad agus teitréad*
- An Chomhairle Oidhreachta: Suirbhéanna Fálta na hÉireann*
- An Dr. David Thomas Holyoak: Sonraí plandaí soithíocha na hÉireann 1999-2009*
- Paul R. Green: Sonraí plandaí soithíocha na hÉireann 2011*
- Atlas Ar Líne de Phlandaí Soithíocha 2012 ar Aghaidh* (Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta)
- Botanical Society of Britain & Ireland: Flóra Chontae an Chláir*
- Paul R. Green: Flóra Chontae Phort Láirge*
- Paul R. Green: Flóra Chontae Loch Garman*
- Garraithe Náisiúnta na Lus: luibhlann & bunachair sonraí taighde
- Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta: Speicis a baineadh as an mBunachar Sonraí Fásra Náisiúnta*
- Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta: Bunachar Sonraí Gaolta Fiáine Barr na hÉireann*
- Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta: Suirbhéanna scoite ar phlandaí soithíocha*
- An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra: bunachar sonraí plandaí neamhchoitianta agus faoi bhagairt
- An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil: bunachar sonraí luach Q & taighde maoinithe
- Comhairle Crann na hÉireann: Crainn Oidhreachta na hÉireann*
- Botanical Society of Britain & Ireland: Flóra Chontae an Chláir*
- Sonraí Plandaí Soithíocha na hÉireann* – (Robert Northridge)
- Flóra Chontae an Chabháin* (Garraithe Náisiúnta na Lus)
- Sonraí Speiceas ón mBunachar Sonraí Fásra Náisiúnta* (Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta)
Tá sonraí á gcomhordú go lárnach faoi láthair ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. *Bunachair sonraí atá inrochtana faoi láthair trí Léarscáileanna Bithéagsúlachta.
Measúnú náisiúnta caomhnaithe
- Tuairisciú faoi Airteagal 17 – 3 speiceas atá liostaithe i dTreoir an AE maidir le Gnáthóga: An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, 2019. The status of EU Protected Habitats and Species in Ireland. NPWS, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath.
- Wyse Jackson, M., FitzPatrick, Ú., Cole, E., Jebb, M., McFerran, D., Sheehy Skeffington, M. & Wright, M. (2016) Ireland Red List No. 10: Vascular Plants. An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath, Éire.
Monatóireacht nó athshuirbhéanna i bhfeidhm
- Suirbhéanna ar phlandaí neamhchoitianta (An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, na 1990idí, na 2000idí)
- Tionscadal Athraithe Áitiúil BSBI: 1987-1988
Rinneadh suirbhé ar 264 teitréad a roghnaíodh go córasach in Éirinn i 1987-88. Ní dhearnadh an suirbhé seo arís ó shin. Rich, T.C.G., Beesley, S. & Goodwillie, R. 2001. Changes in the vascular plant flora of Ireland between pre-1960 and 1987-1988: the BSBI Monitoring Scheme. Irish Naturalists’ Journal 26: 333-350
- Déanann an GCC monatóireacht ar mhicrifítí tríd an gClár Monatóireachta Creat-Treorach Uisce
- Déanann an GCC monatóireacht ar luibheanna mara idirthaoideacha trí chlár monatóireachta mara na Creat-Treorach Uisce (CTU).