Nuashonraíodh tacar sonraí MothsIreland le déanaí agus tá beagán os cionn 1.2 milliún taifead ann anois, rud a fhágann gurb é an tacar sonraí is mó é ar Biodiversity Maps. Grúpa saineolaithe is ea MothsIreland a chothaíonn ceann de na tacair sonraí is mó in Éirinn de bhreathnuithe ar speicis a chuireann líonra fairsing taifeadóirí ar fud na tíre faoina mbráid.
Tá líon ollmhór 1,255,377 taifead sa tacar sonraí seo anois, a bhaineann le 1,497 speiceas idir 1840 agus an lá atá inniu ann. Déanann na saineolaithe atá páirteach ann an tacar sonraí ollmhór seo a thiomsú agus a bhainistiú ar bhonn deonach go hiomlán, agus is céim ollmhór chun tosaigh é maidir le heolas ar dháileadh leamhan in Éirinn. Is féidir na sonraí go léir agus an fhaisnéis ghaolmhar a fheiceáil ar láithreán gréasáin MothsIreland féin ag http://www.mothsireland.com/. Cuireann foilsiú an tacair sonraí trí Léarscáileanna Bithéagsúlachta breisluach ar fáil sa mhéid gur féidir sonraí leamhan a fheiceáil anois i dteannta sonraí faoi speicis eile, agus tá siad ar fáil saor in aisce le húsáid sa phróiseas cinnteoireachta. Is féidir an tacar sonraí a fheiceáil ar Léarscáileanna Bithéagsúlachta ag https://maps.biodiversityireland.ie/Dataset/143.
Tacaíonn an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta le MothsIreland freisin trína chinntiú go gcuirtear aon sonraí leamhan a chuirtear isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránach na hÉireann ar fáil do MothsIreland lena gcur lena bhunachar sonraí. Tá an fhoirm taifeadta Leamhan ar an tairseach Eolaíochta Saoránach le fáil anseo: https://records.biodiversityireland.ie/record/moths#7/53.455/-8.016. Is é an 'Cearrbhach Bán' an speiceas leamhain is minice a taifeadadh go dtí seo in 2022 agus 428 taifead déanta go dtí seo (grianghraf an chlúdaigh; creidiúint grianghraif: Oisín Duffy). I measc na speiceas leamhan eile a taifeadadh freisin, tá an Babhán Eilifinte (sa phictiúr ar dheis), an Scáth Uilleach agus an Smaragaid Mhór.