Cuireadh taifid leis agus rinneadh léarscáileanna dáileacháin a nuashonrú i gcás 49 speiceas.
Cuireadh 1,088 taifead nua leis an mBunachar Sonraí Náisiúnta Speiceas Ionrach. Tá 40,953 taifead ann anois do 116 speiceas a measadh a bheith i mbaol tionchair ard nó meánach i gcóras Léarscáileanna Bithéagsúlachta an Ionaid Sonraí. Cuireadh na taifid seo isteach trí fhoirm aighneachta ar líne an Ionaid Sonraí nó go díreach chuig an Ionad Sonraí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann, Tionscadal an Chnapáin Chiarraí, Suirbhé Plandaí Eachtracha Chorcaí, ó thráchtas taighde nó ó fhoinsí breise faisnéise.
Is féidir leat na léarscáileanna dáileacháin idirghníomhacha nuashonraithe a fheiceáil go díreach trí Léarscáileanna Bithéagsúlachta http://maps.biodiversityireland.ie nó na léarscáileanna agus na cuntais speiceas iomlána a fheiceáil ó: http://species.biodiversityireland.ie/