Tá leagan deiridh den Phlean Pailneoirí á aontú faoi láthair ag gach eagraíocht thacúil
Tá 5 chuspóir, 21 sprioc agus 81 ghníomh sa leagan deiridh den Phlean. Tá níos mó ná 60 eagraíocht tar éis aontú tacú leis an bPlean, agus ghlac go leor acu freagracht as gníomhartha ar leith.
Gabhann muid buíochas le gach duine a thug tuairimí ar an dréacht den Phlean Pailneoirí Uile-Éireann le linn na céime comhairliúcháin níos luaithe sa bhliain. Tá leagan deiridh den Phlean réitithe anois ag an stiúrghrúpa tar éis na céime comhairliúcháin, inar áiríodh rannpháirtíocht an phobail agus geallsealbhóirí araon. Tugadh cuireadh do 70 eagraíocht san iomlán tuairimí a thabhairt ar an bPlean; agus fuarthas aighneachtaí ó 37 ball den phobal.
Táimid thar a bheith buíoch agus thar a bheith sásta leis an tacaíocht a tugadh don Phlean. Bhí an chéim chomhairliúcháin thar a bheith dearfach agus an-chuidiúil. Dá bharr seo, thóg sé beagán níos faide ná mar a ceapadh na gnéithe breise a chur san áireamh agus gach rud a thabhairt le chéile. Mar sin féin, tá leagan deiridh againn anois le seiceáil. Is é seo an leagan a rachaidh i gcló, agus tá súil againn go dtiocfaidh eagraíochtaí breise ar bord chun tacú leis le linn shaolré an Phlean.
Nuair a bheidh an leagan deiridh den Phlean ceadaithe ag na heagraíochtaí tacúla go léir, rachaidh sé ar aghaidh chuig an gcéim dheartha ansin. Nuair a bheidh an leagan deartha againn, déanfaimid socruithe don fhoilsiú agus don seoladh. Tá súil againn go dtarlóidh sé sin go déanach sa samhradh nó go luath san fhómhar 2015.
Thar ceann an stiúrghrúpa, buíochas ó chroí arís le gach duine a bhí páirteach sa Phlean seo, agus as cabhrú linn é a thabhairt chomh fada seo.