D'eisigh údaráis na Breataine Bige an NÓTA COMHAIRLE MAIDIR LE SPEICIS MHUIRÍ IONRACHA NEAMHDHÚCHAIS thíos

Teagmhas mhuiríne Caergybi agus leathadh féideartha an speicis mhuirí ionraigh neamhdhúchais Didemnum vexillum
Ar an 2 Márta, rinne Stoirm Emma damáiste suntasach do Mhuiríne Chaergybi i dTuaisceart na Breataine Bige. Lean oibríochtaí glantacháin as sin agus tá siad fós ar siúl.
Mar chuid de na hoibríochtaí glantacháin, tá bearta á ndéanamh chun aon tionchair fhéideartha ar an gcomhshaol a d'fhéadfadh tarlú de bharr an teagmhais seo a mhaolú.

Ullmhaíodh an nóta comhairle seo chun comhairle a chur ar pháirtithe leasmhara óir, d'ainneoin iarrachtaí chun smionagar ón muiríne damáistithe a shrianadh, tá roinnt smionagair imithe le sruth amach as limistéar an chuain isteach sa mhuirthimpeallacht níos leithne. Dá bharr sin, tá seans ann go leathfaidh an spíosra mara cairpéadach Didemnum vexillum (D. vex), speiceas muirí ionrach neamhdhúchais, go ceantair eile. Mar sin féin, d'fhéadfadh go laghdófaí an riosca leata mar gheall ar theocht reatha na farraige, rud nach meastar a bheith fabhrach do D. vex chun atáirgeadh a dhéanamh ag an am seo den bhliain. Ullmhaíodh an nóta comhairle seo chun comhairle a chur ar pháirtithe leasmhara óir, d'ainneoin iarrachtaí chun smionagar ón muiríne damáistithe a shrianadh, tá roinnt smionagair imithe le sruth amach as limistéar an chuain isteach sa mhuirthimpeallacht níos leithne.
Roimh Stoirm Emma, bhí D. vex á choinneáil faoi smacht sa mhuiríne tar éis dó a bheith aimsithe ag maireachtáil ar na struchtúir shaorga faoi uisce, a fhaightear go coitianta ar na pontúin ar snámh, ar rópaí agus ar shlabhraí. (Fíor 1-2). Chuir dromchla roisín na bpontún ar snámh limistéar oiriúnach ar fáil do D. vex chun cónaí air. Meastar gur speiceas ionrach é D. vex (cliceáil anseo le haghaidh bileog eolais) toisc go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar iascach, ar dhobharshaothrú agus ar chaomhnú gnáthóg mara dúchasacha.


Ceantair a bhféadfadh sé leathadh chucu Tugann fianaise le fios go bhfuil an poitéinseal ag smionagar leathadh sách fada ó Chaergybi. Taifeadadh fuílleach pontúin ar snámh le sciath roisín thart ar 37 km amach ón muiríne (Fíor 3).
Tuairiscíodh freisin go bhfuil polaistiréin (a chreidtear a bheith ó phontúin Chaergybi) ag teacht i dtír i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath in Éirinn. Níl aon tuairisc bhreise ar smionagar ag suíomhanna eile ag an am seo.
Cad ba cheart a dhéanamh má fheiceann tú aon smionagar féideartha
Má thagann tú trasna ar aon phíosaí móra polaistiréine ar chósta thoir na hÉireann, tuairiscigh é le do thoil tríd an aip Biodiversity Data Capture nó ar líne: https://records.biodiversityireland.ie/record/invasives. Agus radhairc á dtuairisciú agat, bain úsáid as an ainm speicis Didemnum vexillum agus cuir nóta sa roinn faisnéise breise go bhfuil tú ag tuairisciú cnapáin polaistiréine. Ceangail grianghraif, le do thoil.
I gcás inar féidir agus inar sábháilte é sin a dhéanamh, molaimid aon smionagar a aimsítear (tá sampla le fáil i bhfíor 4-5 thíos) a aistriú os cionn líne an lántaoide chun é a chosc ó dhul ar ais san fharraige agus chun cabhrú leis an riosca go leathfadh D. vex a bhaint.
Molaimid freisin cuairt eile a thabhairt níos déanaí sa bhliain ar aon áiteanna ónar bailíodh smionagar salaithe chun láithreacht D. vex a sheiceáil.

Fíor 4-5 Bhí an chuma ar na heiseamail sa phobal salaithe go raibh siad cosúil le D. vex ach bhí siad ró-thirim le gurbh fhéidir iad a aithint go cinnte.