Agus Éire anois ar an dara tír ar domhan amháin a d'fhógair éigeandáil aeráide agus bithéagsúlachta, roinneann an Dr. Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid a bharúlacha pearsanta maidir lena bhfuil i gceist leis an dearbhú seo dó féin.
Den chéad uair le 30 bliain anuas a bhfuil mé ag obair ar chaomhnú an dúlra mhothaigh mé go bhfuil an teachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar dhaoine faoi dheireadh. Rud a raibh a fhios ag go leor againn le blianta fada anuas ná go bhfuil géarchéim sa bhithéagsúlacht agus anois tá sé dearbhaithe amhlaidh ag Dáil Éireann, an dara náisiún ar domhan amháin a rinne a leithéid de dhearbhú. Níor cailleadh siombalachas an chaoi ar tharla sé orm, áfach. Níor dhearbhaigh Taoiseach machnamhach an éigeandáil i seomra lán na Dála, ná ag ócáid phreasa éigin timpeallaithe ag a chomhghleacaithe páirtí. Ina ionad sin, fógraíodh é mar bhreis dhomheasta ar rún ar thráthnóna mall sa Teach, agus gan ach dornán teachtaí i láthair.
Ní hionann sin is a rá nach gcuirim fáilte roimhe, cuirim. Ach coimeádfaidh mé méid réasúnta amhrais go dtí go bhfeicfidh mé an dearbhú seo á aistriú ina ghníomh cinntitheach. Agus an bhithéagsúlacht i saorthitim, is iad na ceisteanna soiléire ná an féidir linn an meath a stopadh? agus cad is gá a dhéanamh chun é seo a bhaint amach?
Is é an freagra gairid ná is féidir, is féidir linn cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh, ach i bhfocail an Phainéil Idir-rialtasaigh ar Bhithéagsúlacht agus Seirbhísí Éiceachórais (IPBES) beidh athrú bunathraitheach de dhíth. Ciallaíonn athrú bunathraitheach cur chuige difriúil a ghlacadh i leith na slí a gcaitear le bithéagsúlacht i bpolasaí poiblí; is ionann seirbhís bhéil a thabhairt don bhithéagsúlacht agus í a úsáid mar dheis ghrianghraf nó mar chleas margaíochta agus an pointe a chailleadh go hiomlán.
Is eolaíocht í an bhithéagsúlacht. Níl ach tomhas amháin ann a bhfuil tábhacht leis. Ceachtar acu go bhfuil líon na speiceas agus flúirse foriomlán na bithéagsúlachta ag méadú, nó nach bhfuil. San áit a bhfuil sí ag méadú tá ag éirí linn, san áit a bhfuil sí ag dul i léig táimid ag teip. Is fíor go n-éilíonn cuid den pholasaí bithéagsúlachta iarrachtaí chun tairbhí na bithéagsúlachta a chur chun cinn trí imeachtaí rannpháirtíochta poiblí ionas go dtógfaimid bonn tacaíochta don chaomhnú, ach ba cheart gur gníomhaíocht thacaíochta, fhorlíontach a bheadh anseo.
In ainneoin an ionchais dhuairc don bhithéagsúlacht tá a fhios againn gur féidir linn rath caomhnaithe a bhaint amach in Éirinn. Mar shampla, tá daonraí na ngeabhrach rósach ar Oileán Reachrann anois ar an leibhéal is airde riamh de bharr na n-oibreacha caomhnaithe spriocdhírithe a rinne BirdWatch Ireland agus an NPWS chun coinníollacha ar Reachrainn a dhéanamh níos fabhraí do gheabhraigh atá ag pórú. Chuir Clár Feirmeoireachta Bhoirne don Chaomhnú réitigh fhíornua-aimseartha ar fáil chun naisc dhearfacha a athbhunú idir feirmeoireacht agus bainistíocht talún don bhithéagsúlacht, agus tá an tsamhail thorthaíbhunaithe seo á macasamhlú anois i go leor tírdhreacha speisialta eile ar fud na tíre. Is sampla iontach é Tionscadal Phortach Mhainistir Laoise de na rudaí is féidir a bhaint amach trí thionscnaimh chaomhnaithe faoi stiúir an phobail ag leibhéal an láithreáin, agus spreag an cur chuige seo Fóram na bPortach Pobail anois ar ardán ionadaíoch é do gach grúpa caomhnaithe bogaigh faoi stiúir an phobail a fheiceann bogaigh mar shócmhainn phobail. D'éirigh go hiontach leis an bPlean Uile-Éireann do Pailneoirí arna bhainistiú ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta maidir le comhpháirtithe a shlógadh ó go leor earnálacha éagsúla chun gníomhaíochtaí praiticiúla ar an talamh a sholáthar do phailneoirí. Agus tá tionscnaimh eile ann a d'fhéadfaí a thaispeáint mar scéalta ratha chomh maith.
Mar sin, cad é an rún ratha? Sainaithním ceithre bhuntraith choiteanna i dtionscadail rathúla caomhnaithe bithéagsúlachta;
1. tá siad soiléir maidir leis an bhfadhb ar mian leo dul i ngleic léi,
2. tá na réitigh fianaisebhunaithe agus déantar na torthaí a thomhas,
3. tá acmhainní ar fáil chun iad a chur i gcrích, agus
4. tá na tionscadail á stiúradh ag duine aonair nó ag grúpa a bhfuil fís, uaillmhian agus diongbháilteacht acu chun fíorcheannaireacht a sholáthar.
Mar fhreagairt ar an éigeandáil bhithéagsúlachta is cinnte beagnach go gcuirfear maoiniú poiblí breise ar fáil don bhithéagsúlacht chun na cláir atá ann cheana a leathnú agus cinn nua a thabhairt isteach. Is féidir leo seo a bheith rathúil, agus beidh cuid acu thar a bheith rathúil, ar choinníoll go dtuigeann lucht déanta beartas agus riarthóirí gur eolaíocht í an bhithéagsúlacht, agus nach mór do bhearta a théann chun tairbhe na bithéagsúlachta a bheith fianaisebhunaithe. Tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil líon mór éiceolaithe gairmiúla againn ar féidir leo a bheith i gceannas ar athrú bunathraitheach má lorgófar a saineolas. Tá an t-am anois ann chun leas níos mó a bhaint as an saineolas seo agus níos mó éiceolaithe gairmiúla a thabhairt isteach i róil chinnteoireachta an pholasaí phoiblí.