Bí linn in 2026 chun iniúchadh a dhéanamh ar bhithéagsúlacht dochreidte na hÉireann, foghlaim fúithi, agus nascadh léi. Tá clárú do cheardlanna oscailte anois dár gclár oiliúna bithéagsúlachta 2026, a chuireann meascán dinimiciúil agus mealltach de cheardlanna praiticiúla faoi stiúir saineolaithe, laethanta allamuigh, agus seimineáir ghréasáin ar fáil mar chuid den phríomheispéireas foghlama. Deartha chun freastal ar gach leibhéal spéise agus taithí, tacaíonn an clár le gach duine ó thosaitheoirí go taifeadóirí a bhfuil taithí acu ar mian leo cur lena gcuid eolais agus scileanna.
I rith na bliana, tá áthas orainn freisin cúrsaí nua a thabhairt isteach a dhíríonn ar aithint speiceas agus ar threoracha bainistíochta gnáthóg a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Soláthraíonn na cúrsaí ar líne saor in aisce seo comhairle phraiticiúil, inrochtana chun tacú le gníomhaíocht áitiúil ar son na bithéagsúlachta, muinín a chothú sa chinnteoireacht, agus cabhrú le torthaí a bhfuil tionchar acu a chruthú ar an láthair. Cláraigh le haghaidh cúrsaí bithéagsúlachta saor in aisce anois ar Ardán Foghlama Bithéagsúlachta na hÉireann
Tá líon teoranta spásanna ar fáil ag gach imeacht, mar sin molaimid duit áirithint a dhéanamh go luath chun do spás a chinntiú ar leathanach Oiliúna an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. Bí cinnte súil a choinneáil amach i rith na bliana mar go bhfógrófar níos mó deiseanna oiliúna agus cúrsaí breise.