Bíonn ról tábhachtach ag feithidí fiáine ar nós beacha agus foluain i gcothú rathúil plandaí trí phailniú a dhéanamh ar go leor speiceas plandaí fiáine agus barra. Cinntíonn an tseirbhís phailnithe seo go mbíonn rochtain againn ar rogha mhór bia atá riachtanach chun aiste bia agus stíl mhaireachtála shláintiúil agus chothaitheach a choinneáil. Tá tairbhe eacnamaíoch ag baint leis freisin, agus pailniú barra trí fheithidí ag cur beagnach €15 bhilliún in aghaidh na bliana le heacnamaíocht na hEorpa agus suas le €59 milliún in aghaidh na bliana in Éirinn trí bharra a tháirgtear sa bhaile.
Téann feithidí pailnithe chun tairbhe go hindíreach freisin do ghnéithe eile den bhithéagsúlacht agus do sheirbhísí éiceachórais. Na plandaí fiáine a bhíonn ag brath ar phailniú feithidí nó a bhaineann tairbhe as, táirgeann siad bia don fhiadhúlra (m.sh. torthaí agus síolta) dá bharr sin, cuidíonn siad le hathchúrsáil cothaitheach (m.sh. fosú nítrigine) agus maolaíonn siad an t-athrú aeráide (m.sh. baint carbóin as an aer).
Cén fáth a bhfuil gá againn le Scéim Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann?
Tá laghduithe daonra domhanda ag tarlú d'fheithidí pailnithe agus iarmhairtí diúltacha ag baint leis seo do sheirbhísí pailnithe agus do chobhsaíocht an éiceachórais. In Éirinn, tá 30 as an 99 speiceas beach fiáin atá againn i mbaol díothaithe. D’fhonn straitéisí éifeachtacha caomhnaithe pailneoirí a fhorbairt chun pobail phailneoirí a chosaint agus a fheabhsú, tá gá le heolas faoin gcaoi a bhfuil daonraí ag athrú.
Leagtar béim i dTionscnamh Pailneoirí an AE arna ghlacadh ag Coimisiún an AE agus sa Phlean Pailneoirí Uile-Éireann (AIPP) ar an ngá atá le dul i ngleic le meath feithidí pailnithe, agus príomhghníomh amháin ná scéim mhonatóireachta a bhunú thar raon gnáthóg le go bhféadfar na bearta a dhéantar chun dul i ngleic le meath na bpailneoirí a mheas.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim phíolótach Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann seo stádas, treochtaí agus dáileadh na bpailneoirí fiáine, agus a n-idirghníomhaíochtaí le plandaí le himeacht ama, a bhrath ar fud talamh feirme, limistéir leathnádúrtha agus páirceanna uirbeacha. Is féidir an t-eolas a bhaileofar a úsáid chun eolas a chur ar fáil do straitéisí monatóireachta agus caomhnaithe pailneoirí ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus AE chomh maith le tionchair an AIPP a mheas.
Cad atá i gceist leis an Scéim phíolótach Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann?
Beidh an Scéim phíolótach Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann comhdhéanta de 50 suíomh 1km2 ar fud Phoblacht na hÉireann, ag ionchorprú talamh feirme (mairteoil, déiríocht, caoirigh agus barra curaíochta), gnáthóga leathnádúrtha (féarach cailcreach, seanchoillte dair ghalach, fraochmhá thirim agus dumhcha seasta cósta) agus talamh poiblí (gairdíní uirbeacha agus limistéir thaitneamhachta). Tá suíomhanna á roghnú ag baint úsáide as cur chuige srathaithe randamach lena chinntiú go ndéanann siad ionadaíocht ar an tírdhreach foriomlán.
Tabharfar cuairt ar gach suíomh 5 huaire (uair sa mhí) ó Aibreán go Lúnasa 2022 agus déanfar sampláil ar fheithidí pailnithe (bumbóga, beacha aonair, beacha meala, foluain agus féileacáin) ag baint úsáide as gaistí panála, trasghearrthaí agus Comhairimh Amaithe Bláthanna agus Feithidí. Déanfar plandaí bláthanna a thaifeadadh freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar na plandaí atá ar fáil mar fhoinsí pailine agus neachtair do phailneoirí sealgaireachta i rith an tséasúir shamplála. Dearadh an scéim sa chaoi gur féidir le duine amháin an tsampláil a chur i gcrích laistigh den lá céanna.
An bhfuil suim agat a bheith páirteach ann?
Táimid ag lorg suirbhéirí chun suirbhéireacht a dhéanamh ar fheithidí pailnithe agus ar phlandaí bláthanna ag suíomh amháin (nó níos mó más mian leo) cúig huaire i rith an tséasúir. Íocfar ráta laethúil €250 le gach suirbhéir (ní íocfar míleáiste agus costais sa bhreis air seo) agus gheobhaidh siad trealamh samplála agus oiliúint leanúnach tríd an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta. B'fhearr go mbeadh roinnt taithí ag an duine ar shampláil nó/agus ar shainaithint pailneoirí.
Eiseofar tuilleadh sonraí sna míonna amach romhainn, ach chun léiriú spéise sealadach a thabhairt, seol d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus an áit a bhfuil tú lonnaithe in Éirinn chuig mlarkin@biodiversityireland.ie
Is é an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta a bhainistíonn an Scéim phíolótach Monatóireachta Pailneoirí na hÉireann agus tá sí maoinithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá scéim choibhéiseach i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, faoi Scéim Monatóireachta Pailneoirí na RA.