An Dr Darragh O’Neill
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Is Bainisteoir Cláir é an Dr Darragh O’Neill leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), áit a bhfuil sé i gceannas ar an gClár Taighde agus Fianaise. Sa ról seo, tá sé freagrach as Clár Taighde an GCC, a Fhoireann Anailísíochta Comhshaoil agus a Fhoireann um Oiriúnú don Aeráid agus Léargais Iompraíochta. Ar fud na réimsí seo, tá sé mar aidhm ag an gClár fianaise ardchaighdeáin a sholáthar chun eolas a thabhairt do bheartas náisiúnta aeráide agus comhshaoil.
Sular thosaigh sé leis an GCC, d’oibrigh sé le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (anois Taighde Éireann), áit ar dhear sé cláir thaighde a thacaigh le comhoibriú idirnáisiúnta, oiliúint iarchéime, agus taighde a bhaineann leis an aeráid. Tá cúlra ag Darragh sna heolaíochtaí nádúrtha agus tá PhD sa cheimic aige.