An Dr Colm Lordan
Ainmní na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
Bainistíonn an Dr Colm Lordan an rannóg Comhairle Chomhtháite Iascaigh agus Éiceachóras ag Foras na Mara i nGaillimh, Éire. D'oibrigh sé freisin leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) le breis agus 25 bliain ag forbairt measúnuithe agus comhairle ar iascach agus ar éiceachórais mhuirí, agus bhí sé ina leaschathaoirleach ar a gCoiste Comhairleach (ACOM) idir 2018 agus 2021.
Oibríonn Colm go dlúth le roinnt ranna rialtais agus le raon geallsealbhóirí chun an chomhairle a chur in iúl agus lena chinntiú go dtugann an chomhairle eolaíoch, na sonraí bunúsacha agus an fhianaise freagra ar a gcuid riachtanas.