An Dr James Moran
Ainmní na Comhairle Oidhreachta
Tá an Dr James Moran ina léachtóir sinsearach le Bitheolaíocht agus Éiceolaíocht i Roinn na nAcmhainní Nádúrtha agus an Chomhshaoil in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Gaillimh, áit a múineann sé ar chláir a bhaineann leis an gcomhshaol agus an talmhaíocht. Tá sé i gceannas ar an ngrúpa taighde Agra-éiceolaíochta agus Forbartha Tuaithe (ARD).
Tá James ag obair i réimse na héiceolaíochta feidhmí agus na bainistíochta talmhaíochta-comhshaoil le breis agus 20 bliain mar chomhairleoir, taighdeoir agus acadóir, agus díríonn sé ar chórais talmhaíochta inbhuanaithe le béim ar leith ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus ar fheabhsú bheartas agus chleachtas na talmhaíochta-comhshaoil.