John McCarthy
Cathaoirleach - Ainmní na Comhairle Oidhreachta
Is iar-Ard-Rúnaí ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (2014 – 2020) é John McCarthy agus d'oibrigh sé i raon ról ar fud an Rialtais, lena n-áirítear an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Airgeadais.
Faoi láthair tá roinnt post neamhfheidhmiúcháin aige, lena n-áirítear fónamh mar Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála agus mar chomhalta de Bhord an Údaráis Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.