Maura Brennan
Ainmní na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Is í Maura Brennan Príomhfheidhmeannach an Acorn Project, eagraíocht neamhbhrabúis a chuireann cláir foghlama agus folláine nádúr-bhunaithe ar fáil a chuireann ar chumas pobal beart a dhéanamh i gcóir athchóiriú éiceolaíoch trí athcheangal a dhéanamh lena spásanna fiáine áitiúla.
Is oideachasóir, cleachtóir scoile foraoise, luibheolaí, sealgaire bia fhiáin agus treoraí teiripe foraoise í Maura a bhfuil cúlra aici i rannpháirtíocht phoiblí agus sa tsocheolaíocht. Bíonn sí i gceannas ar thionscadail i gcaomhnú síolta pobail, scoil foraoise, ceangal leis an dúlra agus cláir foghlama bunaithe ar áit.