An tOllamh Willie Donnelly
Ainmní na Comhairle Oidhreachta
Is é an tOllamh Willie Donnelly Uachtarán Emeritus WIT (SETU). Tar éis dó dul ar scor ó SETU, bhí sé ina Stiúrthóir Taighde agus Nuálaíochta i gCumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA), an comhlacht ionadaíoch d'earnáil na nOllscoileanna Teicneolaíochta. Bhí sé ina Uachtarán ar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) idir 2014 agus 2022. Roimhe sin, bhí sé ar an gcéad Leas-Uachtarán Taighde agus Nuálaíochta de chuid na hinstitiúide (2004 go 2014). Is bunaitheoir é ar an nGrúpa Taighde Bogearraí agus Córas Teileachumarsáide (TSSG), ceann de na hionaid taighde is mó in Éirinn agus ceannaire domhanda i dtaighde agus nuálaíocht seirbhísí soghluaiste. Sular chuaigh sé leis an saol acadúil, d'oibrigh sé ar feadh 15 bliana sna tionscail teileachumarsáide agus fóntais. Tá suim láidir ag an Ollamh Donnelly i bhforbairt eacnamaíoch réigiúnach agus bhí sé ina phríomhthiománaí maidir le cnuasach de chuideachtaí seirbhísí soghluaiste a bhunú in Oirdheisceart na hÉireann. Is ball bunaitheach é de roinnt Cuideachtaí Nuathionscanta Ardacmhainneachta, lena n-áirítear Feedhenry, a fuair Redhat sa bhliain 2014.