Tom Medlycott
Ainmní na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
Is iar-Chigire Sinsearach leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é Tom Medlycott (ainmní de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara). Bhí réimse leathan ról sinsearach aige san eagraíocht sin i réimsí lena n-áirítear an tIniúchadh Inmheánach, an Rannóg um Rialú Lotnaidicídí, Acmhainní Daonna agus an Rannóg Dúlra agus Úsáide Talún. Déanann sé feirm theaghlaigh d'fhiontar measctha i gContae Chill Mhantáin a bhainistiú anois. Tá bunchéim agus iarchéim san Eolaíocht Talmhaíochta ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag Tom agus cháiligh sé freisin le Cumann na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe.