Le linn na Seachtaine Oidhreachta seo, ba mhaith linn go gcuardóidh tú aon cheann den 20 speiceas thíos agus go seolfaidh tú radharcanna isteach chugainn. Is meascán de veirteabraigh agus d'inveirteabraigh iad na speicis a roghnaíodh, ó ghrúpaí tacsanomaíocha éagsúla. Is féidir gach ceann de na speicis a aithint go réasúnta éasca, ar choinníoll go dtugtar aird ghéar ar phríomhghnéithe aitheantais. Is féidir gach taifead a chur isteach trínár bhfoirm thiomnaithe taifeadta ar líne: Foirm Thaifeadta Bhithéagsúlacht ar Leac an Dorais
Cad ba cheart a dhéanamh má fheiceann tú ceann dár liosta de 20 speiceas?
- Téigh níos gaire le breathnú air – cinntigh gur féidir leat an speiceas a aithint go cruinn
- Tóg grianghraf – tá sé seo úsáideach le haghaidh fíoraithe
- Iarr cabhair ar líne, más gá, nó féach ar ár mBileoga Aitheantais Bhithéagsúlacht ar Leac an Dorais thíos
- Téigh chuig species.biodiversityireland.ie le haghaidh próifílí iomlána ar gach ceann dár speicis roghnaithe
- Téigh chuig records.biodiversityireland.ie chun do thaifid a chur isteach
Féach ar an 20 speiceas roghnaithe thíos:
Táimid ag tabhairt cuireadh do gach duine sonraí faoi radharcanna a chur isteach ar aon cheann de 20 speiceas a bhfuil a fhios againn a bhíonn le fáil go coitianta i ngairdíní. Is meascán de veirteabraigh agus d'inveirteabraigh iad na speicis a roghnaíodh, ó ghrúpaí tacsanomaíocha éagsúla.
Is féidir gach ceann de na speicis a aithint go réasúnta éasca, ar choinníoll go dtugtar aird ghéar ar phríomhghnéithe aitheantais.