Is suirbhéanna láithreáin iarracht-bhunaithe iad suirbhéanna Dragonfly Recorder dóibh siúd a bhfuil eolas acu ar theicnící suirbhéireachta agus aitheantais snáthaidí móra agus béichuileanna agus/nó oiliúint orthu ina leith sin. Ba cheart do Thaifeadóirí Snáthaidí Móire dhá shuirbhé a dhéanamh ar shuíomh fionnuisce amháin ar a laghad in aghaidh na bliana. Ba cheart suirbhé amháin a chur i gcrích i mBealtaine nó i Meitheamh, agus ba cheart an dara suirbhé a chur i gcrích idir mí Iúil agus tús mhí Mheán Fómhair. Déantar é seo ionas go gclúdóidh na suirbhéanna tréimhsí eitilte na speiceas go léir a tharlaíonn in Éirinn.
Féadfaidh tú suirbhé a dhéanamh ar an oiread suíomhanna agus is mian leat ach iarraimid go gcuirfí dhá shuirbhé i gcrích ag gach suíomh laistigh de na tréimhsí tugtha. Le linn gach suirbhé iarrtar ort measúnú gairid agus simplí ar cháilíocht gnáthóige a chomhlánú freisin.
Dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar an suíomh céanna arís agus arís eile in aghaidh na bliana, b'fhéidir go mbeadh suirbhé Dragonfly Monitor níos oiriúnaí.