Tá Scéim Monatóireachta na gCúig Chuairt beartaithe le haghaidh taifeadóirí nach bhfuil an t-am acu le caitheamh leis an scéim iomlán monatóireachta seachtainiúil. Úsáideann Scéim Monatóireachta na gCúig Chuairt an mhodheolaíocht chéanna le Scéim Monatóireachta Féileacán na hÉireann ach ní theastaíonn ach cúig chuairt a thabhairt le linn shéasúr an taifeadta. Ba cheart dhá shiúlóid a dhéanamh idir an 22 Aibreán agus an 16 Meitheamh, agus trí shiúlóid idir an 1 Iúil agus an 31 Lúnasa. Ba cheart dhá sheachtain ar a laghad a fhágáil idir siúlóidí agus ba cheart siúlóidí a dhéanamh le linn dálaí fabhracha aimsire. Ní bhailíonn Scéim Monatóireachta na gCúig Chuairt na sonraí mionsonraithe faoin tréimhse eitilte a bhailíonn an scéim iomlán 26 seachtaine, ach bailíonn sí dóthain sonraí chun go mbeifear in ann athruithe i ndaonraí féileacán a rianú.