Tá an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ag reáchtáil an tionscadail ‘Bithéagsúlacht sa Chúlchlós’ chun speicis shainiúla a fhaightear go minic i ngairdíní a thaifeadadh. Féachann an tionscadal le sonraí a fháil faoi 20 speiceas so-aitheanta ar féidir teacht orthu i ngairdíní uirbeacha agus tuaithe, agus díríonn sé ar dhaoine atá nua i mbun taifeadadh bithéagsúlachta.

Seolfar an tionscadal ag tús Sheachtain na hOidhreachta (13/08/2022), mar sin cén fáth nach nglacfá páirt ann féachaint an bhfuil aon cheann dár 20 speiceas roghnaithe i do ghairdín nó i do chúlchlós. Tá liosta na speiceas le fáil ar leathanach gréasáin ár dtionscadail https://biodiversityireland.ie/backyard-biodiversity-species/) mar aon leis an eolas eile go léir faoin tionscadal: https://biodiversityireland.ie/surveys/backyard-biodiversity/
Is é aidhm an tionscadail seo ná daoine a spreagadh chun iniúchadh a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht ina ngairdíní féin, nascadh leis an dúlra agus páirt a ghlacadh i dtaifeadadh bitheolaíoch. Ní gá go mbeadh aon taithí agat cheana chun tús a chur le taifeadadh; tá acmhainní foghlama againn, lena n-áirítear leatháin aithne i nGaeilge agus i mBéarla, agus beimid ag postáil go rialta i rith na seachtaine le leideanna aitheantais eile chomh maith.

Is meascán de veirteabraigh agus d'inveirteabraigh iad na speicis roghnaithe, ó ghrúpaí tacsanomaíocha éagsúla. Is féidir gach ceann de na speicis a aithint go réasúnta éasca, ar choinníoll go dtugtar aird chúramach ar phríomhghnéithe aitheantais. Is féidir gach taifead a chur isteach tríd an bhfoirm thaifeadta shaincheaptha ar líne: Foirm Thaifeadta Bithéagsúlacht sa Chúlchlós
Cén fáth nach bhféachfá cé mhéad dár 20 speiceas bithéagsúlachta sa chúlchlós atá i do ghairdín nó i do cheantar agus #BackyardBiodiversity a úsáid ar na meáin shóisialta.