Tá bliain eile thart agus séasúr iontach taifeadta eile a bhí ann le 152,711 taifead curtha isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann in 2024.
Fuarthas taifid ó 8,301 taifeadóir aonair ar fud na 32 contae ar fad. Tháinig fás in 2024 ar an treocht leanúnach nach gcuireann formhór na dtaifeadóirí ach taifead amháin isteach, arb ionann iad agus 62% de na taifeadóirí ar fad. Rud suimiúil, cé go raibh líon níos lú taifead foriomlán curtha isteach in 2024 i gcomparáid le 2023, tháinig méadú i ndáiríre ar líon na dtaifeadóirí a chuir sonraí isteach. Cosúil le blianta eile, tá grúpa beag ach tiomanta de thaifeadóirí ann (40 in 2024) a chuireann níos mó ná 1,000 taifead isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann. Chuir 7 dtaifeadóir níos mó ná 2,000 taifead isteach le linn na tréimhse.

Cosúil le blianta eile, is beagán faoi bhun 1% de na taifeadóirí ar fad an grúpa beag taifeadóirí a chuireann níos mó ná 500 taifead isteach, ach chuir siad níos mó ná 60% de na taifid ar fad isteach in 2024.
Ba iad Plandaí Bláthanna an grúpa tacsanomaíoch ba mhinice a taifeadadh arís in 2024 le beagnach 37,000 taifead curtha isteach. Ní raibh Éin i bhfad taobh thiar díobh le beagnach 36,000 taifead curtha isteach. Ba iad Leamhain an tríú grúpa tacsanomaíoch ba mhó a taifeadadh arís trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann. Ba iad Mamaigh Talún agus Féileacáin na chéad ghrúpaí eile ba mhinice a taifeadadh. Bhain níos mó ná ¾ de na taifid ar fad a cuireadh isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann in 2024 le ceann de na grúpaí tacsanomaíocha thuas.
Tá an ghníomhaíocht taifeadta agus na treochtaí a thaispeántar bliain i ndiaidh bliana an-suimiúil dúinn féin san ionad agus tá súil againn go mbeidh siad suimiúil duitse freisin, ár líonra taifeadóirí. Pointe suimiúil amháin atá mar an gcéanna ó 2023 ná gurbh é grúpa na bPlandaí Bláthanna an grúpa ba mhó a taifeadadh in 2024, áfach, níor éirigh le speiceas ar bith ón ngrúpa sin áit a bhaint amach sna 10 speiceas is mó a taifeadadh. Is féidir miondealú ar na speicis is minice a taifeadadh a fheiceáil anseo:

Is é an rud is suntasaí ón tábla thuas ná gur ó thionscadail shonracha leanúnacha a thagann trí cinn de na speicis, lena n-áirítear an Sionnach Rua (Urban Fox Survey), Gráinneoga (Irish Hedgehog Survey) agus an Bhóín Dé Seacht Spota (Ladybird Atlas 2025). Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann leis an eolaíocht shaoránach agus an chaoi ar féidir léi tosú go tapa ag giniúint méideanna móra sonraí ó gach cearn den tír.

Meabhrúchán go bhfuil Tairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann ar fáil le húsáid ag duine ar bith; má fheiceann tú speiceas agus má tá tú cinnte faoina aitheantas, cuir na sonraí isteach chuig https://records.biodiversityireland.ie/ le go mbeifear in ann an bhreathnóireacht a chur lenár dtacair sonraí náisiúnta. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag tógáil an bhoinn eolais maidir leis na speicis atá againn in Éirinn agus cabhróidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad dáilte.
Míle buíochas le gach taifeadóir a chuir sonraí isteach in 2024, tá an t-am, an iarracht agus an saineolas a chuirtear isteach i mbailiú na sonraí seo ollmhór agus táimid thar a bheith buíoch as na taifid seo a chur isteach trí Thairseach Eolaíochta Saoránaí na hÉireann.