Is modheolaíocht oibiachtúil í an Liosta Dearg de Speicis atá faoi Bhagairt (nó measúnú caomhnaithe) chun stádas caomhnaithe grúpaí tacsanomaíocha éagsúla a mheas. Tá treoirlínte maidir le Liostaí Dearga a tháirgeadh ar an leibhéal réigiúnach, ag cur catagóirí agus critéir chomhsheasmhacha i bhfeidhm, forbartha ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha (IUCN), agus tá siad glactha in Éirinn. Tá cur chuige caighdeánach foilsithe ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta freisin maidir le Liostaí Dearga a tháirgeadh in Éirinn: Liostaí Dearga na hÉireann – caighdeán náisiúnta.
Foilsítear Liostaí Dearga go neamhrialta de réir mar a bhíonn tacair sonraí agus an saineolas náisiúnta riachtanach do ghrúpaí tacsanomaíocha ar fáil. Ullmhaítear agus foilsítear Liostaí Dearga d'oileán na hÉireann, faoi threoir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) i bPoblacht na hÉireann agus Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann i dTuaisceart Éireann. Tá sonraí faoin gclár Liostaí Dearga agus na Liostaí Dearga foilsithe ar fáil lena n-íoslódáil ó shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.