Tá sraith modheolaíochtaí suirbhéireachta agus doiciméad treorach forbartha agus molta ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta, ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ag eagraíochtaí comhpháirtíochta eile chun cabhrú le caighdeánú suirbhéireachta bithéagsúlachta agus taifeadadh bitheolaíoch in Éirinn. Cuireann siad seo le Gníomhartha 3.5 & 3.6 de na Gníomhartha le haghaidh Bithéagsúlachta 2011-2016 – Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta na hÉireann – a chur i gcrích.