Ba é príomhsprioc an tionscadail 'Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint' ná gníomhartha beaga a shainaithint a d'fhéadfadh feirmeoirí a dhéanamh a cheadódh don bhithéagsúlacht cómhaireachtáil laistigh de chóras táirgiúil feirmeoireachta. Theastaigh uainn oibriú i gcomhar le feirmeoirí chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas gnáthóga beaga fiadhúlra a chur ar fáil do phailneoirí, i dtéarmaí bia, sábháilteachta agus foscadh, ar a bhfeirmeacha. Ba thionscadal de chuid na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP) é Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint a bhí maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020.
Bhí an tionscadal Pailneoirí Talamh Feirme a Chosaint ar siúl ó 2019 go 2023. Cuirfear a thorthaí san áireamh sa chéad Phlean Pailneoirí Uile-Éireann eile 2026-2030.