Dragonfly Ireland 2019 – 2024
Ba shuirbhé Eolaíochta Saoránaí uile-Éireann é Dragonfly Ireland 2019 – 2024 ar shnáthaidí móra agus béichuileanna, agus ar a ngnáthóga, comhordaithe ag an Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta i bPoblacht na hÉireann agus ag an Ionad Sonraí agus Taifeadadh Timpeallachta i dTuaisceart Éireann. Mhaoinigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an tionscadal mar chuid de thionscadal eolaíochta saoránaí a scrúdaigh acmhainneacht speiceas uisceach mar bhith-tháscairí ar athrú aeráide agus ar cháilíocht uisce.
Tá na sonraí go léir a bailíodh ar fáil le breathnú agus le fiosrú ar chóras Léarscáileanna Bithéagsúlachta an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta. Tá sonraí uile Dragonfly Ireland 2019 – 2024 a bhailigh an tIonad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlacta ar fáil mar shonraí Rochtana Oscailte (CC-BY 4.0) tríd an gcóras Léarscáileanna Bithéagsúlachta.