10 nDáileadh Aisteach
Is oileán sách beag í Éire, ach fós tá dáileadh teoranta ag go leor speiceas a chónaíonn anseo nó tá siad teoranta do shuíomhanna ar leith. Insíonn staidéar ar speicis a bhfuil dáileadh teoranta acu in Éirinn go leor dúinn faoi na coinníollacha comhshaoil agus éiceolaíochta is gá chun go mairfidís, agus féadann sé léargais luachmhara a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil tionchar ag tosca ar nós an athraithe aeráide agus athrú ar úsáid talún ar an gcomhshaol. Sin cúis amháin go bhfuil sé chomh tábhachtach dáileadh speiceas a dhoiciméadú agus a mhapáil. Seo samplaí de 10 speiceas a bhfuil dáiltí aisteacha acu in Éirinn.
Brabhsáil ár 10 is Fearr
Fabht na biolóige
Tá fabht na biolóige (Coreus marginatus) teoranta don trian theas d’Éirinn; faoi láthair tá gach taifead ó dheas de líne a shíneann ó bhaile Chill Mhantáin go Trá Lí. Tá sé teoranta freisin don chuid theas den Bhreatain. Tá an speiceas seo ag leathnú a raoin ó thuaidh in Éirinn, b'fhéidir mar gheall ar an athrú aeráide. Mar sin d'fhéadfadh sé a bheith ina dhea-tháscaire ar an athrú aeráide. D’fhéadfadh faisnéis úsáideach a bheith mar thoradh ar a leathnú ó thuaidh a rianú, agus féachaint conas atá limistéir nua ag oscailt do speicis a bhí teoranta don deisceart go traidisiúnta, maidir leis na tionchair atá ag an athrú aeráide ar go leor speiceas in Éirinn.
Bumbóg chártaigh ghéar
Speiceas eile a bhfuil dáileadh ó dheas aige is ea an bhumbóg chártaigh ghéar (Bombus sylvarum). Níor taifeadadh riamh níos faide ó thuaidh é ná Co. Ros Comáin. Teastaíonn limistéir d’fhéarach atá saibhir ó thaobh speiceas de uaidh le maireachtáil. Is é Boirinn an suíomh is tábhachtaí faoi láthair don speiceas faoi bhagairt seo in Éirinn agus sa Bhreatain. Suas go dtí 2009 bhí daonra beag iarmharach aige ar imeall bhaile Ros Mhic Thriúin i gCo. Loch Garman. Léiríonn seanchártaí gurbh eol an ceantar seo tráth mar ‘léanta corraigh’ agus ní mór gur ceantar lán de bhláthanna a bhí ann san am a chuaigh thart. Tá sé imithe as sin ó shin mar gheall ar mhéadú ar an bhforbairt.
Cúilín gaelach
Is magairlín dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, d’Éirinn agus d’Albain é an cúilín gaelach (Spiranthes romanzoffiana). Planda álainn é a bhfuil bláthanna uachtar-bhána air eagraithe i gcasadh. Bláthaíonn sé i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Tá an cúilín gaelach faoi chosaint faoin Ordú Flora (Cosaint), 2015 agus tá sé aicmithe mar speiceas atá beagnach faoi bhagairt sa Liosta Sonraí Dearga de Phlandaí Soithíocha 2016. Déantar é a mheas freisin mar speiceas atá ‘Beagnach Faoi Bhagairt’ ar Liostaí Dearga Eorpacha agus Domhanda.
Camóg
Féileacán cosúil le cuma na ruánóige is ea an chamóg (Polygonia c-album), ach a bhfuil sciatháin scothracha aige. Ba i 2000 an chéad radharc deimhnithe d’Éirinn nuair a chonacthas trí cinn ag An Ráibh i gCo. Loch Garman. Lean sé seo tréimhse d’fhairsingiú suntasach ar raon an speicis seo sa Bhreatain. Ó shin i leith tá a raon méadaithe aige ó thuaidh agus siar, agus feictear go rialta anois é i gcontaetha Loch Garman, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Cill Chainnigh agus Port Láirge. Sna contaetha seo is féidir é a fháil ag grianú ar fhálta sceach, ar imeall coillearnach agus ar limistéir eile fhéaracha foscúla.
Vól bruaigh
Thángthas ar an vól bruaigh (Myodes glareolus) den chéad uair in Éirinn i 1964 in aice le Faing, ó dheas d'Inbhear na Sionainne. Is dócha gur tugadh an speiceas isteach de thaisme ón nGearmáin sna 1920idí le hinnealra a tugadh isteach chun Stáisiún Cumhachta Ard na Croise a thógáil ar an Sionainn. Ó tugadh isteach é, tá an t-ainmhí tar éis leathadh ag ráta idir 1 agus 5 km gach bliain, agus inniu síneann a raon i stua ó Chuan Phort Láirge go Loch Rí agus Caisleán an Bharraigh i gCo. Mhaigh Eo. Níl aon amhras ach go leathfaidh an vól bruaigh go gach cearn den oileán in am trátha.
Mallphéist
Laghairt gan chosa é an mhallphéist (Anguis fragilis), a bhfuil cuma nathrach air, ar féidir leis fás suas le 50 cm ar fhad. Níl an mhallphéist dúchasach d’Éirinn, ach tá daonraí bunaithe ag dhá shuíomh in oirthuaisceart Bhoirne, i gcontaetha an Chláir agus na Gaillimhe. Chonacthas den chéad uair iad sna 1970idí agus meastar go mb’fhéidir gur éalaigh siad tar éis dóibh a bheith allmhairithe ar dtús mar pheataí. Téann siad i ngeimhriú do mhíonna an gheimhridh agus bíonn siad gníomhach ó Aibreán go Meán Fómhair. Is gnách go mbíonn sé deacair iad a fheiceáil, mar gur fearr leo fanacht i bhfolach faoi charraigeacha, ach uaireanta is féidir iad a fháil ag grianú sa ghrian.
Béichuil Ghaelach
Taifeadadh an bhéichuil Ghaelach (Coenagrion lunulatum) den chéad uair in Éirinn i 1981 ó shuíomh i gCo. Shligigh. Ó shin i leith aimsíodh é ag níos mó ná 40 suíomh, go príomha i gcontaetha Fhear Manach, Mhuineacháin, Ard Mhacha agus Thír Eoghain. Maireann an bhéichuil Ghaelach ar lochanna foscúla agus ar linnte móra ar phortaigh bhainte a bhfuil uisce glan iontu le fásra uisceach báite. Is daonraí beaga iad an chuid is mó de na coilíneachtaí a aimsíodh, agus le déanaí is cosúil go bhfuil cuid de na daonraí seo dulta in éag. Déantar cur síos ar a dhaonra mar 'I mBaol' sa mheasúnú caomhnaithe ar an Liosta Dearg a cuireadh i gcrích d'Éirinn.
Fraoch Chonamara
Tá fraoch Chonamara (Daboecia cantabrica) ar cheann de thart ar 15 bhláth fhiáin ar a dtugtar Flóra Lusatánach. Tháinig an cnuasach uathúil seo de phlandaí Meánmhara ón Leithinis Ibeireach (Tuaisceart na Spáinne agus an Phortaingéil) ar dtús, agus in Éirinn faightear an chuid is mó acu sa deisceart agus san iarthar. Bíonn siad as láthair den chuid is mó ón mBreatain. Ní dócha gur tháinig siad slán ó roimh an Ré Oighir dheireanach agus níl aon mhíniú cinntitheach ar a láithreacht anseo. Fásann fraoch Chonamara ar fhraochmhá thirim, ar ithreacha aigéadacha agus ar mhóinteáin charraigeacha áit a mbíonn sé faoi bhláth ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair.
Geatóir
Tá an geatóir (Pyronia tithonus), féileacán a bhfuil cuma cosúil le donnóg bheag fhéir air, teoranta do chóstaí theas agus thoir na hÉireann idir iarthar Chiarraí agus contae Chill Mhantáin. Faightear é i suíomhanna teo le toir adhmadacha agus garbhfhéarach mar fhálta sceach agus conairí coille agus réitigh. Tá an speiceas seo flúirseach sa Bhreatain agus ag leathnú ó thuaidh, rud a fhágann gur codarsnacht mhearbhlach é an cás in Éirinn.
Seilmide Chiarraí
Faightear seilmide Chiarraí (Geomalacus maculosus) in iardheisceart na hÉireann (lena n-áirítear Co. Chiarraí), ach tá sé níos forleithne in iarthuaisceart na Spáinne agus ó lár go tuaisceart na Portaingéile. Mar sin féin, ní fhaightear é áit ar bith idir Éirinn agus an Spáinn. Teastaíonn taise ard agus ithir aigéadach uaidh agus cothaíonn sé ar léicin, aelusanna, caonaigh agus fungais, a fhásann ar bolláin agus ar stoic crann. Tá sé faoi chosaint faoi na hAchtanna Fiadhúlra agus faoi Threoir Ghnáthóga an AE, agus seacht Limistéar Caomhantais Speisialta ainmnithe dá chaomhnú.