10 Speiceas atá Caillte ag Éirinn
Tá éagsúlacht bhitheolaíoch na hÉireann faoi bhrú mar nach raibh riamh cheana. De réir chlár leanúnach na measúnuithe caomhnaithe, meastar go bhfuil thart ar 20% ar an meán de na speicis a measúnaíodh i mbaol a ndíothaithe in Éirinn. Ní feiniméan nua é an díothú toisc go bhfuil go leor speiceas caillte ag Éirinn cheana féin. Seo cuntas ar 10 speiceas a mheastar atá imithe in éag in Éirinn cheana féin.
Brabhsáil ár 10 is Fearr
Mionnán móiréil
Baineadh na taifid Éireannacha dheireanacha den mhionnán móiréil (Saxifraga granulata) mar speiceas dúchasach le Co. Chill Mhantáin i 1985 agus le Co. Bhaile Átha Cliath i 1986. In ainneoin cuardaigh leanúnacha ar na láithreáin seo go sonrach don speiceas, níor aimsíodh arís é. Fógraíodh go hoifigiúil go raibh sé imithe in éag sa Liosta Dearg de Phlandaí na hÉireann in 2016. Fásann an mionnán móiréil i bhféarach tais ach dea-dhraenáilte, atá go minic ar bheagán féaraigh, saibhir i mbunanna agus neodrach. Faightear freisin é i bhféarach neamhfheabhsaithe agus i móinéir fhéir thirim. Tá S. granulata caillte ó go leor láithreán i ndeisceart Shasana ó aimsir an Atlais Dáileacháin 1962, de réir mar a feabhsaíodh tailte féaraigh. I measc na ndaonraí eadóirsithe tá saothróg dhá-bhláthach (Grianghraf: H. Zell).
Seilide láibe locháin
Moileasc neamhchoitianta in Éirinn a bhí sa seilide láibe locháin (Omphiscola glabra). Bhí eolas air ó choilíneacht shingil a aimsíodh gar do Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman i 1929 agus bhí sé le fáil anseo go dtí 1979. Draenáladh an láithreán tar éis an ama sin, agus chuaigh an speiceas in éag (Grianghraf: David Fenwick, www.aphotofauna.com/).
Mac tíre
Tháinig an mac tíre (Canis lupus) go hÉirinn ag deireadh na Ré Oighir deiridh. Bhí sé coitianta inár dtírdhreach le linn na Meánchloiche, na Cré-umhaoise, na hIarannaoise agus ré na Normannach agus ag pointe amháin seans gur shroich an daonra 1,000 ainmhí. Le linn réimeas Chromail, cuireadh tús le duaiseanna ar mhic thíre agus mar sin a cuireadh tús leis an ré dheireanach roimh a dhíothú. D'imigh na mic thíre dheireanacha as Éirinn go déanach san 18ú hAois, is dócha am éigin idir 1770 agus 1786. Leanann mic thíre orthu ag maireachtáil i bhformhór thíortha na hEorpa (Grianghraf: Gunner Ries).
Gealbhán gort
Rinne an gealbhán gort (Emberiza calandra), éan atá thart ar mhéid fuiseoige, pórú tráth ar fud cuid mhór d’ísealchríocha talmhaíochta na hÉireann ach tá sé imithe in éag anois mar speiceas pórúcháin in Éirinn. Cothaíonn sé ar shíolta agus ar ghrán, mar sin ba chúis le meath an ghealbháin ghoirt é meath na feirmeoireachta barr measctha a bhí ann san am a chuaigh thart. Cláraíodh é ag pórú den uair dheireanach i gContae Mhaigh Eo i lár na 1990idí. Déanann an gealbhán gort pórú fós sa Bhreatain agus i gcuid mhór den Eoraip (Grianghraf: Steve Riall).
Féileacán adhairceach
Is leamhan sciathán soiléir é an féileacán adhairceach (Sesia apiformis) a dhéanann jab an-mhaith ag ligean air gur fíor-adharcach nó foiche shóisialta é. Is leamhan mór é a eitlíonn i rith an lae agus a dhéanann aithris fiú ar stíl eitilte ghreadrach an adhaircigh. Sa dúlra, is cleas coitianta é aithris a dhéanamh ar dhuine níos mó agus níos ionsaithí ná tú féin mar go laghdaíonn sé an seans go n-íosfar thú! Murab ionann agus adhaircigh nó foichí, is fásraiteoir é an féileacán adhairceach. Cothaíonn a larbhaí ar fhíochán crainn díreach faoin gcoirt (is fearr leo poipléir). Chonacthas an féileacán adhairceach in Éirinn den uair dheireanach i 1946, ach ní fios cad iad na cúiseanna a bhain lena dhíothú dealraitheach (Grianghraf: Lukas Jonaitis).
Fáinneog shléibhe
Is féileacán corr liathdhonn é an fháinneog shléibhe (Erebia epiphron) a taifeadadh i gcontaetha Mhaigh Eo agus Shligigh le linn an 19ú hAois, ach nach bhfacthas ó 1901 i leith. Fuarthas é ar fhánaí níos airde na sléibhte, bainteach le féarach Nardus saibhir i luibheanna, agus deirtear nár eitil sé ach amháin faoi sholas geal na gréine. In ainneoin cuardaigh fhairsinge, b'annamh a aimsíodh é, agus níl ach dornán eiseamal i mbailiúcháin. Agus tá amhras ann fiú faoi bhunús agus bharántúlacht roinnt de na heiseamail seo. Is dóichí faoin am a bhfuarthas é go déanach san 19ú hAois go raibh sé ar tí dul in éag cheana féin (Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann).
Cailceaspar bíseach
Tá an cailceaspar bíseach (Pterygoneurum lamellatum) ar cheann de 596 speiceas difriúil caonaigh a taifeadadh in Éirinn, ach tá 35 díobh seo imithe in éag ón oileán anois. Taifeadadh an cailceaspar bíseach i gcathair Bhaile Átha Cliath agus timpeall uirthi i lár an 19ú hAois, áit ar fhás sé ar bhallaí cloiche le caipíní láibe, gnáthóg atá imithe ar fad anois. Níl an speiceas seo taifeadta in Éirinn ó 1870 (Grianghraf: Koen Vanderkerckhove, BryoLim).
Foracha mhór
Éan meánmhéide a bhí sa bhforacha mhór (Pinguinus impennis), gan chumas eitilte, a bhíodh le fáil ina mhilliúin tráth san Atlantach Thuaidh. D'fhág a heaspa eitilte go raibh sí leochaileach ó thaobh saothrú ag daoine de agus tharla sé seo ar scála suntasach ón 8ú haois ar aghaidh. Toisc go raibh sé chomh furasta sin í a ghabháil agus go raibh an oiread sin díobh ann, ba fhoinse áisiúil bia í do thaiscéalaithe luatha a bhí ag trasnú an Atlantaigh Thuaidh. Maraíodh na héin dheireanacha ar oileán Eldey amach ó chósta na hÍoslainne i mí Iúil 1844. Ghabh iascaire dhá fhoracha mhóra amach ó Cheann Bhaile an Bhrúnaigh, Co. Phort Láirge i 1834, agus coinníodh ceann acu i mbraighdeanas ar feadh roinnt míonna, go dtí go bhfuair sé bás. Líonadh an t-ainmhí agus tá an t-eiseamal sin anois i Músaem na Zó-eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ceann amháin de 18 n-eiseamal amháin atá fágtha (Íomhá le John Gerrard Keulemans).
Féar beannaithe
Is féar aramatach é an féar beannaithe (Hierochloe odorata) atá dúchasach do thuaisceart na hEorpa agus do Mheiriceá Thuaidh. Baintear úsáid an-fhorleathan as sa luibh-leighis. Sa Pholainn tugtar Féar Bíosúin air mar a n-úsáidtear é chun vodca Féir Bhíosúin (Żubrówka) a dhéanamh. Tháinig féar beannaithe go hÉirinn agus d’éirigh leis é féin a bhunú i bportach amháin ar choirnéal thoir theas Loch nEathach. Ar an drochuair sin a raibh de. Taifeadadh é den uair dheireanach sa phortach sin i 1992 agus in ainneoin cuardaigh fhairsinge ní fhacthas ó shin é. Fógraíodh go hoifigiúil go raibh sé imithe in éag sa Liosta Dearg de Phlandaí na hÉireann in 2016 (Íomhá: Bilder ur Nordens Flora).
Beach aonarach (Nomada sheppardana)
Is beach an-bheag í Nomada sheppardana atá níos lú ná leathcheintiméadar ar fhad. Is cuach nó cleipteaparasít í a chiallaíonn go ndéanann sí seadánacht ar neadracha speiceas beach eile sa ghéineas Lasioglossum. Tá Nomada sheppardana réasúnta coitianta i bhfad ó dheas i Sasana. Ní raibh sí flúirseach in Éirinn riamh chomh fada agus is eol dúinn. Is as Leamhcán i 1902 an t-aon taifead Éireannach atá ann. Ní féidir linn ach glacadh leis go raibh sí níos forleithne ach gur imigh sí gan a bheith taifeadta. Nó b'fhéidir go bhfuil sí fós amuigh ansin ag fanacht le hathaimsiú! Tá sí ar cheann ar dóigh di athláithriú in Éirinn de thoradh an athraithe aeráide (Grianghraf: Steven Falk).