Brabhsáil ár 10 is Fearr
Camóg (Polygonia c-album)
Speiceas a tháinig go hÉirinn le déanaí is ea an Chamóg. Taifeadadh i Loch Garman den chéad uair é sa bhliain 2000 agus ó shin i leith tá sé tar éis leathadh siar ó thuaidh. Meastar gur tharla a theacht go hÉirinn go nádúrtha. Déantar é a thaifeadadh go coitianta anois ar fud leath theas na tíre. Is í an Chamóg an speiceas is fearr a d'éirigh leis ó 2010 i leith, agus tháinig méadú 584% ar líon na gcearnóga 10km a bhfuil sé iontu.
Scipéir Essex (Thymelicus lineola)
Speiceas eile a tháinig go hÉirinn le déanaí is ea Scipéir Essex, a taifeadadh den chéad uair ag Maigh Ghlais, Co. Loch Garman sa bhliain 2006. Fuarthas é i limistéar de thalamh garbh féir i measc phlandáil foraoiseachta óig agus glactar leis gur chabhraigh an duine lena theacht. Tá an speiceas tar éis leathadh go mall trí Chontae Loch Garman, ag scaipeadh amach ón suíomh inar taifeadadh é den chéad uair. Faightear anois é i ngnáthóg oiriúnach ar fud cuid mhór de dheisceart agus d'oirthear an chontae. Taifeadadh é freisin ó shuíomh breise amháin i gContae Chill Dara. Tháinig méadú 133% ar líon na gcearnóga 10km a bhfuil sé iontu ó 2010 i leith.
Gormán Cuilinn (Celastrina argolus)
Tá Gormán Cuilinn ag leathnú a raoin in Éirinn cosúil leis an leathnú ó thuaidh atá le feiceáil sa Bhreatain. Tá méadú 28% tagtha ar líon na gcearnóga 10km inar taifeadadh é ó 2010 i leith. Is minice a fheictear é i leath theas an oileáin ach tá sé á fheiceáil níos minice anois san iarthuaisceart agus san oirthuaisceart. Meastar go bhfuil an leathnú raoin seo mar thoradh ar aeráid atá ag téamh. Bíonn Gormán Cuilinn faoi réir rothaíochtaí suntasacha daonra mar gheall ar sheadánachas, ionas go bhféadfadh daonraí a bheith ag buaic i gceann de na rothaíochtaí seo.
Donnán na Trá (Erynnis tages)
Féileacán beag atá measartha neamhlonrach is ea Donnán na Trá a fhaightear i dtalamh oscailte féir chlochach, go minic i limistéir aolchloiche. Is féidir é a fháil ar roinnt portach gearrtha, ar fhánaí cnoic oscailte agus ar dhumhcha, mar aon le gnáthóga daonna amhail réitigh choille, cairéil, claífoirt iarnróid agus bruacha canála. Taifeadadh Donnán na Trá i 26% níos mó cearnóga 10km ó 2010 i leith, agus tá sé le fáil ag go leor suíomhanna nua. Ní dócha gur tharla an méadú seo de bharr iarracht bhreise taifeadta amháin. Is dócha go bhfuil cruthú coinníollacha gnáthóige fabhracha ar rianta foraoiseachta dea-dhraenáilte ar cheann de na cúiseanna lena mhéadú i gcontaetha lár na tíre.
Fritileán Geal (Argynnis paphia)
Is speiceas de choillte duillsilteacha nó measctha oscailte é an Fritileán Geal ina gcuireann réitigh, léanta agus rianta isteach ar an gceannbhrat, mar aon le limistéir de scrobarnach phaisteach. I ngnáthóg oiriúnach féadann sé a bheith an-líonmhar. Dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go maith lena dhaonra ó 2010 i leith agus é taifeadta i 12% níos mó cearnóga 10km. Dealraíonn sé go bhfuil an speiceas ag baint leasa as forbairt choille leathnádúrtha ar phortaigh ghearrtha, ar thalamh tréigthe agus as cleachtas Choillte rianta leathana a chruthú i bplandálacha foraoiseachta.
Féileacán an Bhalla (Lasiommata megera)
Tháinig an cúngú raoin ba mheasa ar Fhéileacán an Bhalla as na speicis ar fad, agus é i láthair i -54% níos lú cearnóga 10km ó 2010 i leith. Tá sé imithe as an gcuid is mó de shuíomhanna intíre agus faightear é go príomha ar shuíomhanna cósta anois. Bhí sé rangaithe cheana féin mar speiceas ‘I mBaol’ i bPoblacht na hÉireann agus ‘I mBaol Criticiúil’ i dTuaisceart Éireann. Léiríonn an t-Atlas go bhfuil seansanna caomhnaithe an speicis seo fós i gcontúirt mhór. Meastar gurb iad an iomarca nítrigine sa timpeallacht agus téamh na haeráide na cúiseanna lena mheath.
Féileacán Mór an Fhraoigh (Coenonympha tullia)
Tá Féileacán Mór an Fhraoigh ar cheann de shainfheithidí gnáthóige na hÉireann a dteastaíonn portach ardaithe gníomhach agus i ndea-bhail uaidh chun maireachtáil. Tá a dháileadh bunaithe ar dháileadh na bportach ardaithe gníomhach, agus dá réir sin níl sé le fáil den chuid is mó i ndeisceart agus in oirthear an oileáin. Is cúis imní é stádas a dhaonra mar gur taifeadadh é i -32% níos lú cearnóga 10km ó 2010 i leith. Mar thoradh ar dhraenáil agus baint móna le blianta beaga anuas, tá sé caillte as go leor de na suíomhanna ina mbíodh sé tráth.
Coirneach (Hipparchia Semele)
Is speiceas de thír-raon oscailte é an Coirneach a bhfuil fásra gann agus limistéir ghainimh nó charraige nochta ann. Is minice a fhaightear é ar an gcósta i gcórais dumhcha gainimh ach is féidir é a fháil freisin i gcairéil neamhúsáidte, i seansenais mhianaigh agus ar chreacha carraigeacha. Tháinig cúngú ar raon an Choirnigh ó 2010 i leith, agus é taifeadta i -28% níos lú cearnóga 10km. Is é Iarthar Chorcaí an daingean atá aige in Éirinn anois. Ní thuigtear go hiomlán na cúiseanna leis seo. Meastar go bhfuil laghdú ar innilt fhairsing ag beostoc ar shuíomhanna inar tharla sé, rud a laghdaigh réimsí oscailte nochta, ar cheann de na tosca a d'fhág gur cailleadh é as suíomhanna ina mbíodh sé roimhe seo.
Geatóir (Pyronia tithonus)
Faightear an Geatóir go príomha ar thalamh féir neamhfheabhsaithe in aice le fálta sceach dúchasacha, ciumhaiseanna páirce, coillearnach oscailte agus scrobarnach go formhór in aice le cósta an deiscirt agus an oirdheiscirt. Is fearr leis timpeallacht atá beagán inilte, foscúil agus dea-dhraenáilte. Tá sé teoranta den chuid is mó don chuid is faide ó dheas den oileán anois, agus é taifeadta i -24% níos lú cearnóga 10km. Dealraíonn sé gurb é Iarthar Chorcaí a dhaingean anois. Meastar gurb iad cailliúint gnáthóige mar gheall ar mheath ar thalamh féir leathnádúrtha, lena n-áirítear laghduithe ar chiumhaiseanna féaracha fálta sceach, na cúiseanna lena mheath.
Gormán Beag (Cupido minimus)
Speiceas speisialtóra is ea an Gormán Beag a fhaightear ag suíomhanna tirime cósta agus intíre ina bhfuil a phlanda bia, an Phiseán Dubh, go flúirseach. Le blianta beaga anuas cailleadh an speiceas ó go leor suíomhanna inar tháinig meath ar cháilíocht na gnáthóige. Le linn an Atlais taifeadadh é i -16% níos lú cearnóga 10km. Meastar go bhfuil easpa innilte fairsinge agus creimeadh ag suíomhanna cósta i measc na gcúiseanna lena chailliúint ó go leor suíomhanna.