10 Láithreán le Cuairt a Thabhairt Orthu Sula bhFaighidh Tú Bás
Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil go leor láithreán fós aici a bhfuil carachtar ar leith ag baint leo agus a chothaíonn gnéithe tábhachtacha de bhithéagsúlacht na hÉireann. Próiseas thar a bheith deacair a bhí ann na deich gcinn is fearr a roghnú toisc go bhfuil an oiread sin láithreán ann, gach ceann acu lena shaintréithe uathúla féin. Mar sin féin, seo iad moltaí Bithéagsúlacht Éireann maidir le 10 láithreán ar cheart dóibh a bheith ar 'liosta mianta' aon duine ar mian leis an chuid is fearr de bhithéagsúlacht na hÉireann a bhlaiseadh.
Brabhsáil ár 10 is Fearr
An Bhoirinn
Tírdhreach neamhghnách a bhfuil luach iontach fiadhúlra ag baint leis is ea ardchríocha aolchloiche na Boirne, Co. an Chláir. Anseo tacaíonn an meascán d'ithreacha tanaí agus d'fhéarach forleathan beostoic le tailte féir iontacha atá saibhir ó thaobh speiceas de, agus faightear go leor speiceas anseo nach dtarlaíonn in aon áit eile in Éirinn. Chomh maith leis sin, fásann plandaí anseo i dteannta a chéile ar bhealaí nach bhfaightear in aon áit eile ar domhan. Tá éagsúlacht néalteach de shaol na feithidí inti freisin. Is ceantar é a bhféadfadh duine saolré iomlán a chaitheamh ag taiscéaladh ann (Grianghraf: Liam Lysaght).
Seisceann Mór, Co. Dhún na nGall
Láithreán iontach is ea Seisceann Mór, siar ó thuaidh ó Ard an Rátha, atá faoi úinéireacht an Stáit den chuid is mó ar mhaithe le caomhnú an dúlra. Fágann an meascán de dhumhcha gainimh, féarach dumhcha, loch, riasc agus paistí beaga scrobarnaí gur láithreán thar a bheith éagsúil é seo, a bhfuil luach ollmhór caomhnaithe dúlra ag baint leis. Sa samhradh tacaíonn na tailte féir anseo le réimse ollmhór plandaí, go háirithe magairlíní, agus cothaíonn siad daonraí maithe feithidí, lena n-áirítear an féileacán fraoigh. Sa gheimhreadh, tacaíonn an ceantar le mílte éan uisce agus lapairí a tháinig go hÉirinn ó dhomhanleithid thuaidh chun an geimhreadh a chaitheamh anseo. Cuirfidh cuairt ar an láithreán fiáin álainn seo eispéireas do-dhearmadta ar fáil duit (Grianghraf: Alan Watson).
Abhainn na Sionainne ag Cluain Mhic Nóis
Tá Abhainn na Sionainne ar cheann de na haibhneacha deireanacha atá fós measartha fiáin in Iarthar na hEorpa. Tacaíonn a sreabhadh nádúrtha le bithéagsúlacht fíoruisce agus cladaigh atá thar a bheith tábhachtach, lena n-áirítear go leor speiceas agus gnáthóg atá faoi chosaint faoi dhlíthe caomhnaithe dúlra mar gheall ar a n-annamhacht ar fud na hEorpa. Fágann an báisín réidh leathan ag Cluain Mhic Nóis, le paistí d'fhéarach a bhíonn faoi thuile go séasúrach (nó calaidh), tailte féir eiscir atá saibhir ó thaobh speiceas de, agus an cóngaracht do chuid de na portaigh ardaithe is tábhachtaí atá fágtha, gur áit an-speisialta é seo (Grianghraf: Alamy).
Páirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí
Ní haon ionadh é go bhfuil Cill Airne ar cheann de na príomhionaid turasóireachta in Éirinn, mar go bhfuil an tírdhreach mórthimpeall, faoi cheannas ardchríocha garbha Chruacha Dubha Chill Airne agus Lochanna Chill Airne, go hálainn ar fad. Is minic a mheastar gurb iad na coillearnacha dúchasacha méithe anseo foraois bháistí na hÉireann, mar go gcruthaíonn an aeráid shéimh agus thar a bheith tais, agus an t-aer glan anseo, dálaí idéalacha do chaonaigh agus do léicin le bláthú. Faightear go leor speiceas anseo a bhfuil dáileadh deisceartach Eorpach acu, agus tá sé ina bhaile freisin don daonra deireanach de na fianna rua dúchasacha in Éirinn (Grianghraf: Liam Lysaght).
Loch Éinne, Co. Chorcaí
Ba é Loch Éinne, atá suite díreach taobh amuigh den Sciobairín, an chéad chúlchiste dúlra mara in Éirinn agus tá go leor staidéir déanta air. Tá an t-inbhear domhain beagnach tírghlas, scartha ón bhfarraige oscailte ag cainéal cúng, rud a chuireann srian mór ar shreabhadh an uisce agus a choinníonn luaineacht na taoide go dtí thart ar 1m. I gcomhair limistéar chomh beag sin, tacaíonn an loch le saol mara thar a bheith éagsúil, lena n-áirítear daonraí sláintiúla de go leor speiceas atá tearc nó as láthair ó cheantair chósta eile. Is eispéireas draíochtúil é snorkeling nó tumadóireacht (nach féidir a dhéanamh ach amháin le cead) (Grianghraf: Alamy).
Oileán an Tairbh, Baile Átha Cliath
Tá Oileán an Tairbh, atá suite ar thairseach lár chathair Bhaile Átha Cliath, ar cheann de phríomhláithreáin bhithéagsúlachta na hÉireann. Cruthaíonn an banc gainimh 5km ar fhad, a cruthaíodh tar éis thógáil Bhalla an Tairbh i 1825, agus an riasc goirt fairsing, tearmann do na mílte éan uisce agus lapairí sa gheimhreadh, agus do phobail speisialaithe plandaí agus feithidí sa samhradh. Tugtar níos mó ainmniúcháin chomhshaoil d'Oileán an Tairbh ná d'aon láithreán eile in Éirinn, agus tá dianstaidéar déanta air. Fágann láithreán bithéagsúlachta chomh tábhachtach sin a bheith ar thairseach na príomhchathrach gur láithreán an-speisialta ar fad é seo (Grianghraf: Liam Lysaght).
Cuan Mhanainne, Co. na Gaillimhe
Ceantar a bhfuil áilleacht iontach ag baint leis agus atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de is ea Cuan Mhanainne, in iarthar Chonamara. Anseo géilleann portaigh bhraincide fairsinge Chonamara do thailte féir chósta saibhre, ar toradh iad ar fhéarach íseal-déine ag beostoc. Tagann pléascadh dathanna ar na tailte féir de réir mar a thagann na plandaí bláthanna chun cinn gach earrach, agus tacaíonn na tailte féir iontacha seo ar a seal le saol flúirseach agus éagsúil feithidí. Tá cuid de na héin is teirce in Éirinn le fáil anseo freisin. Tugann an cladach nochtaithe ag lag trá léargas ar bhithéagsúlacht mhuirí iontach na n-uiscí cósta éadroma (Grianghraf: Liam Lysaght).
Abhainn na Bearú, Co. Cheatharlach
Is í Abhainn na Bearú an dara habhainn is faide in Éirinn. Tá sí inseolta ó Bhaile Átha Í go dtí Tigh Moling, agus ritheann seanbhealach tarraingthe feadh an tsínidh seo rud a fhágann go bhfuil rochtain éasca uirthi. Sreabhann an abhainn trí thírdhreach saibhir tréadach an oirdheiscirt, agus tá oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha iontach feadh ghleann iomlán na habhann. Idir Baile Uí Thaidhg agus Clais an Ghainimh i gContae Cheatharlach, áit a ritheann an abhainn feadh gleanna coilltigh, bíonn an abhainn ar a feabhas. Uisce soiléir a shreabhann go mall, fásra méith cois abhann agus coillearnacha dair iontacha a fhágann nach bhfuil aon áit cosúil léi in Éirinn, nó b'fhéidir in iarthar na hEorpa (Grianghraf: Liam Lysaght).
Coill Bhreac-chluana, Co. Mhaigh Eo
Is coillearnach bheag dhúchasach í Coill Bhreac-chluana i gCo. Mhaigh Eo, taobh thoir de Chruach Phádraig. Tá cumhdach leanúnach coillearnaí ag an gceantar seo a théann siar díreach go dtí an uair a chuir coillearnach clúdach ar Éirinn den chéad uair tar éis na hoighearaoise deireanaí. Faoi réir aer tais an Atlantaigh ar feadh an chuid is mó den bhliain, tá na crainn dhúchasacha dair ghaelach, beithe, fuinseoige, leamháin sléibhe agus cuilinn clúdaithe le fás thar a bheith saibhir de chaonaigh agus de léicin. Mar gheall ar a suim stairiúil agus eolaíoch, tá an choillearnach dhúchasach á hathbhunú, agus is ionann siúlóid sna coillte anseo agus céim siar a thógáil sa stair. B'fhéidir gur láithreán é a thaitneoidh níos mó leis an saineolaí, ach is láithreán thar a bheith tábhachtach é mar sin féin (Grianghraf: Liam Lysaght).
Móin Chláraigh
Tá Móin Chláraigh ar cheann de na samplaí is fearr atá fágtha de phortach ardaithe gníomhach in Éirinn, gnáthóg a bhí forleathan uair amháin ar fud lár na tíre ach a bhfuil beagnach gach cuid de damáistithe nó scriosta. Timpeallachtaí leochaileacha iad na portaigh seo i gcruth cruinneacháin, ach tugann cosán cláir deis do chuairteoirí siúl ar an bportach fliuch agus breathnú go géar ar thortáin, ar loig agus ar shruthanna fliucha an phortaigh bheo, agus ar na plandaí iontacha go léir atá tar éis oiriúnú do mhaireachtáil sa timpeallacht shainfheidhmeach seo. Is beag áit atá chomh uathúil in iarthar na hEorpa le Móin Chláraigh, agus is sampla iontach í de shaothar sárchaomhnaithe dúlra (Grianghraf: Liam Lysaght).